Media Library

Speeches

Óráid an Uachtaráin, Micheál D. Ó hUigínn ag Cóisir ‘Ghaeilge sa Ghairdín’

Áras an Uachtaráin, 24 Meitheamh 2016

A Theachtaí Dála,
A Chomhairleoirí,
Agus a Chairde Gael,

Ar an gcéad dul síos, ar mo shon féin agus ar son Shaidhbhín, is mian liom fíorchaoin fáilte a fhearadh romhaibh ar fad chuig Áras an Uachtaráin tráthnóna. Tá áthas orm go raibh an oiread seo de phobal na Gaeilge in ann a bheith linn inniu don chóisir seo. Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint taitnimh as an teach, as na gairdíní, as an mbeatha, as an siamsaíocht agus as an gcomhluadar.

Is mór an pléisiúr dom an oiread seo daoine a fheiscint, bailithe le chéile ag céiliúradh ról ár dteanga i mbunú ár stáit agus sa lá atá inniu ann. Agus tá sibh tagtha, ní hamháin ó cheann ceann na tíre ach ón iasacht chomh maith, le baill de chraobh Chonradh na Gaeilge Ghlas Chú, agus Chraobh na n-Aingeal i Los Angelas anseo linn. Tá fáilte romhaibh abhaile.

Agus tá sibh tagtha le polaiteoirí, aisteoirí, riarathóirí, imreoirí spóirt, iriseoirí, múinteoirí, stát seirbhísigh, scoláirí agus ceoltóirí in bhur measc. Tá sibh bailithe ón earnáíl phríobháideach, an earnáil dheonach agus an státchoras. Tá roinnt agaibh tagtha ón nGaeltacht agus cuid eile agaibh ón nGalltacht.

Tá cuid agaibh ar bheagán Gaeilge agus cuid eile líofa ar fad. Ach tá sibh ar fad mar an gcéanna sa mhéid is go bhfuil sibh báúil d'ár dteanga dhúchais agus go bhfuil sibh ar fad, in bhur slite difriúla, ag déanamh iarrachta ar son na teangan, chun í a chaomhnú agus a chothú agus chun an grá atá agaibh di a roinnt leis an bpobal mór.

Agus caithfimid cuimhniú nach bhfuil anseo inniú ach cuid bheag de phobal i bhfad níos leithne atá ag úsáid a gcuid Gaeilge lá i ndiaidh lae, agus trína ndea-shampla agus a gceannasaíocht, ag cinntiú go mbeidh an teanga slán agus tréan don ghlúin atá le teacht.

Mar is eol daoibh, tá ceangal faoi leith idir an áit seo agus Dubhghlas de hÍde, ár gcéad Uachtarán agus laoch don teanga. Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge agus mar Uachtarán ar an eagraíocht ó am a bunaithe go dtí an bhliain 1915.

Níos luaithe inniú bhí roinnt searmanas againn chun an Craoibhín Aoibhinn a chomóradh. Labhróidh mé i mBéarla ar feadh tamaillín ar fáthanna a thuigfidh sibh ar ball.

Before you arrived here today we had two short ceremonies to honour the memory of Douglas Hyde, President of Conradh na Gaeilge from its foundation until 1915, and, of course, the first President of Ireland.

The first of these ceremonies was very special and was the result of a letter that I received from a Ms Margery Godinho late last year. Ms Godinho's father Fred Dixon, was a well known Englishman who started working for the newly formed Meteorological Office in Dublin before the second world war. He was a keen a collector of coins and medals and he and his wife Beatrice would frequent house auctions, antique shops and jumble sales, both in Ireland and when on holiday in England.

At some stage he came across and bought a collection of medals won by Douglas Hyde between 1880 and 1887 while he was studying at Trinity College. After Fred Dixon died in 1988, he left his medal and coin collection to his daughter, Margery, with the hope that she or his grandchildren might have an interest in them. As the children were very young at the time, the collection was put away for years. Recently, when all the family were at home, the many boxes were taken out and re-examined and the Douglas Hyde medals were noted to be of particular significance.

Earlier today I was delighted to accept, on behalf of the State, the following five medals which have been donated by Margery Godhino and her family.

· The George Plunkett Medal for Irish Writing, awarded to Douglas Hyde in 1880
· The Gold Medal for Modern Literature, awarded in 1884
· The Gold Medal for History awarded in 1886
· The Silver Medal for Oratory awarded by the Dublin University Historical Society in the 1886/1887 academic year.
· The Gold Medal for Composition, also awarded by the Dublin University Historical Society in 1886 / 1887

Margery and her family are with us today. As President of Ireland I would like to thank you most sincerely for your generosity and for your civic mindedness in making these much prized medals available for others to enjoy, in perpetuity, here at Áras an Uachtaráin.

The medals are currently on display in the State Reception room in the house and I hope you all have an opportunity to see them before you leave.

We also had a ceremony this morning unveiling a plaque on a building that we have named Seomra de hÍde or the Hyde Room and I dedicated a tree to Douglas Hyde in honour of his contribution to Ireland as An Craoibhín Aoibhinn and as the first Uachtarán na hÉireann.

I would also like to welcome most warmly members of the Sealy family, who are descendents of Douglas Hyde, and who are with us today. They also attended these ceremonies earlier. Go raibh maith agaibh as teacht.

Douglas Hyde's enthusiasm for the Irish language, and his sense of outrage at the attitude towards the language, and by extension to Irish culture and the Irish people, exhibited by Trinity College of that time, led ultimately to a very public parting of the ways between him and the College. While this undoubtedly soured his relationship with his Alma Mater, some amends were made when the College, having developed a new attitude to the Irish Language following independence, in 1933 conferred Douglas Hyde with an Honorary Litt.D. in recognition of his work in Conradh na Gaeilge and his contribution to Celtic Studies. In that spirit of reconciliation, I was delighted that Professor Damien McManus, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choláiste, Professor Liam Dowling, Cathaoirleach, Coiste na Gaeilge, and Aenghus Dwane, the Irish Language Officer from Trinity College were able to be with us for the presentation earlier.

An smaoineamh a bhí agam maidir leis an gcóisir seo a reachtáil ná seans a thabhairt dúinn bhur n-iarrachtaí a aithint agus a chéiliúradh. Agus, dar ndóidh, taitneamh a bhaint as an siamasíocht íontach atá curtha ar fáil i dtimpeallacht ghalánta an Árais.

Bhí an rún agam féin i mbliana, agus muid ag déanamh comóraidh ar Éirí Amach na Cásca 1916, béim ar leith a leagadh ar an nGaeilge agus ar úsáid na Gaeilge, chun aitheantas a thabhairt don ról lárnach a bhí ag an teanga agus ag athbheochan na teangan i bhfís na réabhlóidithe céad bliain ó shin. Chomh maith leis sin, bhíos ag iarradh deis a thabhairt dúinn uile beagáinín machnaimh a dhéanamh ar an áit ina bhfuilimid leis an teanga, céad bliain i ndiaidh an Éirí Amach.

Mar chuid den chur chuige seo, bhí deis agam freastal ar roinnt mhaith ócáidí ina raibh an Ghaeilge mar chuid lárnach díobh. Labhraíos faoi ról na teangan agus athnuachain na teanga sa ghlún réabhlóideach agus fillfidh mé ar an ábhar sin ar ball. Bhí deis agam chomh maith machnamh a dhéanamh ar staid na teangan sa lá atá inniú ann agus na rudaí dearfacha agus diúltacha atá ag dul ina luí uirthi.

I mí Bealtaine bhíomar ag céiliúradh le chéile saibhreas na cumarsáide trí mheán na Gaeilge ag Oíche Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mBóthar na Trá. Tugann sé an-sásamh dom an ard-chaighdeán atá á bhaint amach ag TG4, Radio na Gaeltachta, RTÉ, BBC agus na stáisiúin raidió eile ina gcraoltóireacht i nGaeilge. I rith na bliana comórtha seo, mar shampla, níl dabht ar bith agam ach go raibh na cláracha is fearr ar an Éirí Amach craolta trí mheán na Gaeilge.

Bhí an-lá againn i mBaile Bhuirne agus i gCúl Aodha ag Comórtas Peile na Gaeltachta cúpla seachtain ó shin, i dteannta le Aogán Uí Fearghaíl, Uachtarán an Chumainn Luthchleas Ghaeil agus Mícheál Ó Muircheartaigh. Táidbeirt linn inniu agus cuirim fáilte rompu. Comórtas iontach a bhí ann agus do chuir sé gliondar i mo chroí an méid daoine óga a bhí ann ag baint taitnimh as an saol agus as a gcluichí dhúchais trí mheán na Gaeilge.

Tugaim cuairt go minic ar ghaelscoileanna fud fad na tíre. Ní chuireann sé iontas ar bith orm go bhfuil borradh chomh mór sin tagtha ar líon na nGaelscoileanna nuair a fheiceann tú cé chomh h-éasca is a théann páistí óga i ngleic leis an teanga. Tuigimid uile na buntáistí a théann leis an il-teangachas agus tá méadú ollmhór tagtha ar líon na dtuismitheoir atá ag lorg bhua an dátheangachais, ar a laghad, dá bpáistí.
Is léir go bhfuil éileamh anois ar bhreis meánscoileanna chun go mbeidh deis ag na daltaí bunscoile seo leanacht leo lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, agus is ceart agus is cóir go mbeadh an deis sin acu. Tá a fhios agam go bhfuil feachtais ar bun le hiar-bhunscoileanna Gaeilge a bhunú i bPort Laoise, i mBaile an Chollaigh, Corcaigh; i mBaile Átha Cliath 15, i gCill Dara Thuaidh; i gConamara; i Sligeach agus i dTuaisceart Chathair Chorcaí.

Tuigim go bhfuil fadhbanna fós acu siúd atá ag déanamh gach iarracht scoileanna a bhunú chun an éileamh seo a shásamh. Tá an cheist chéanna pléite agam leis an Taoiseach le déanaí, agus d'fhiosraigh mé an bhfuil slite chun na bacanna seo a bhaint ó iarrachtaí phobail éagsúla meánscolaíocht a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cé nach bhfuil ról agam féin i gcúrsaí polasaithe oideachais, déarfainn gur easnamh faoi leith é munar féidir leis an Stát oideachas a chur ar fáil trí theanga oifigiúil na tíre.

Níos luaithe sa bhliain labhraíos le coimisinéirí teanga ó thíortha éagsúla ag seiminéar a reachtáladh in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann i nGaillimhe.

Tá go leor le foghlaim againn ón gcur chuige atá i bhfeidhm i dtíortha eile chun a dteangacha a chaomhnú nó chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí stáit. Tá sé ag cur as dom le blianta fada go bhuil easpa éigin inár Státchóras maidir le so-fheictheacht na Gaeilge ag na leibhéil is airde. Ó na ranna Rialtais éagsúla agus i measc ard-fheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil agus eagrais Stáit is annamh a chloistear an Ghaeilge agus dar liom féin tá fadhb chultúrtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an cheannaireacht a mbeadh muid ag súil leis a thaispeáint, agus ar chóir dóibh a thaispeáint.

Ní hé nach bhfuil buanna áirithe againn maidir leis an nGaeilge nach bhfuil ag roinnt teangacha eile.

Úsáideann saineolaithe teanga slata tomhais éagsúla chun rath teanga a mheas, ina measc an tacaíocht stáit agus an tacaíocht phobail a thugtar di. Tá an t-ádh orainn anseo in Éirinn go bhfuil an dá chritéar seo le sonrú i gcás na Gaeilge. Sa Stát seo, ag eascairt óna stádas bunreachtúil mar theanga náisiúnta agus oifigiúil, tá cosaint tugtha don Ghaeilge san iliomad reachtaíochta a achtaíodh thar na mblianta, agus tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ach go háirithe, mar chrann taca láidir aici. Ach mar is eol dúinn, ní h-ionann an dlí agus an dea-thoil agus ceapaim go bhfuil ceisteanna dáiríre le chur maidir leis an easpa dea-thola i réimsí áraithe den státchóras.

Don chuid eile den bhliain táim chun m'aird a choimead ar chursaí Gaeilge agus tuilleadh plé a dhéanamh ar na féidreachtaí agus na dúshláin atá romhainn maidir leis an teanga.

Ag breathnú siar ar an gcéad bliain ón am a raibh an ghlún réabhlóideach ag plé cúrsaí teanga, is léir go bhfuil roinnt mhaith bainte amach againn i rith na tréimhse sin. Níl a fhios agam an raibh "Garden Parties" ag an Lord Lieutenant Lord Wimborne le linn Samhradh 1916 ach gach seans go gcuireadh sé scanradh air dá gceapfadh sé, céad bliain níos déanaí, go mbeadh Uachtarán na hÉireann ag reachtáil coisire, i nGaeilge, ina gháirdín féin.

I mbliana, thar bhliain ar bith eile, agus muid ag comóradh agus ag ceiliúradh céad bliain ó Éirí Amach na Cásca 1916, tá cúis mhórtais agaibh ar fad. Bhí athbheochan na Gaeilge ina príomhaidhm ag ceannairí an Éirí Amach. Bhí cúigear den seachtar a shínigh an Fhorógra gníomhach i gConradh na Gaeilge agus bhí cuid mhór den idéal a bhí acu d'Éirinn bunaithe ar fhís d'Éirinn neamhspleách a mbeadh a teanga labhartha agus scríofa féin aici, nithe a bheadh mar bhunchlocha dá cultúr.
Smaoiním go háirithe ar Sheáin Mhic Dhiarmaide, agus a litir dheirigh a scríobh sé chug a dheirfiúracha agus a dheirthearacha ag impú orthu an Ghaeilge a mhúineadh dá bpáistí.

"Tell them how I struck out for myself and counsel them to always practice truth, honesty, straightforwardness in all things and sobriety. If they do this and remember their country , they will be alright. Insist on their learning the language and history....."

Is fiú an cheist a chur, má táimid le bheith macánta, an butún a bhí ann iarracht a dhéanamh an Béarla a dhíbirt ar fad agus an Ghaeilge a chur ina áit? An ndéarna an cur chuige sin níos mó dochair d'ár n-iarrachtaí Gaeilge a spreagadh go forleathan i sochaí a bhí go mór tugtha don Bhéarla? Agus is fiú go mór go gcuirfimis na ceisteanna seo orainn féin. Tá dúshlán romhainn anois daoine a mhealladh chuig an Gaeilge.

Caithfimid ár sean-slite a cheistiú agus teacht ar shlite agus ar mhodhanna nua chun ár ngrá don teanga a scaipeadh agus an tuiscint atá againn faoina luach d'ár dtír agus d'ár sochaí a spreagadh go forleathan.

Is fúinne an fhreagracht seo a ghlacadh, mar a ghlac an Craobhín agus a chomhleacaithe freagracht orthu féin ag deireadh an naoú aois déag. Fúinn atá sé fís an dátheangachais, nó an iltheangachais a fhíorú inar shaolta laethúla, mar atá sibhse ag déanamh i bhur slite éagsúla. Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom treaslú libh agus buíochas ó chroí a ghabháil libh dá bharr.

Mar fhocal scoir, is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl dóibh siúd a chuidigh linn chun an chóisir seo a reachtáil. Ó thaobh cúrsaí siamsaíochta de, mo bhuíochais mór leis an Tulla Pipe Band, le Cór Chúil Aodha agus Peadar Ó Riada, le Kíla, Seó Linn, David O'Connor a bhí ag seint an phianó, Colm agus Ruairí Ó hArgáin agus Pádraig Óg Mac Aodhagáin a bhí ag seint sna ngairdín. Bhí Tara Viscardi & Meadhbh O'Rourke ag seinnt i ngáirdín na mbláth. Tá Dee Rogers mar an bhunchloch don seó ar fad agus gan é bheadh muid cailte. Mo bhuíochas leis.

A special thank you to our John of God's volunteers Emmalene Kennedy, Pat McLoughlin and Louise Crowley for all their help with the programmes. Also thank you to our civil defence colleagues for providing first aid services.

Tá buíochas faoi leith ag dul chuig na Gardaí, an Airm agus Oifig na nOibreachta Poiblí as ucht na hoibre ar fad atá déanta acu chun an ócáid seo a eagrú. Ár mbuíochas chomh maith leis na daoine óga ó Ghaisce a bhí ag cuidiú linn inniú.

Tá ár bhfoireann féin san Áras tar éis tabhairt faoi ranganna Gaeilge le cúpla mí anuas chun a bheith réidh don lá inniu. Molaim iad agus táim buíoch as an obair ar fad atá déanta acu, idir an bia ar fad a réiteach agus a bheith anseo chun fáilte a chur rómhaibh.
Agus, ar deireadh, ba mhaith liom ár mbuíochais chroíúil a ghabháil libhse, as teacht inniu agus as an méid atá déanta, agus atá á dhéanamh agaibh ar son na teanga. Tá neart againn le bheith mortasach faoi, ó spreagadh na Gaeilge sa Cheathrú Gaeltachta i mBéal Feirste, go hoscailt an dara meánscoile ó thuaidh anuraidh; ó dhul chun cinn TG 4 go fás ullmhór san éileamh i scolaíoch trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre. Ó na mílte déagóir atá ag freastal ar choláistí samhraidh faoi láthair chuig an meon dearfach atá de shíor á léiriú ag an bpobal ginearálta i leith na teanga.

Is cinnte go bhfuil dúshláin mhóra romhainn maidir leis an nGaeilge ach tá neart ábhar misnigh dúinn ina dteannta. Tá sé fíor-thabhachtach go leanfaidh sibh oraibh ag taispeánt ceannasaíochta i bhur saolta chun spreagadh a thabhairt dá chéile agus do dhaoine eile an Ghaeilge a fhoghlaim agus í a úsáid.

Bígí ar bhur suaimhneas agus bainigí taithneamh as an gcuid eile den tráthnóna linn, agus as an gceol iontach ata le teacht.

Go raibh maith agaibh go léir.