Comhionannas á Bhaint Amach

Comhionannas á Bhaint Amach

Comhionannas á Bhaint Amach

Tá cur chun cinn sochaí níos cuimsithí ina chuid lárnach d’obair an Uachtaráin Uí Uigínn, é bunaithe ar an gcreideamh láidir atá aige go bhfuil ionchur suntasach le déanamh ag gach aon duine in Éirinn ann agus go neartaítear an tsochaí nuair a thacaíonn sí le héagsúlacht taithí agus dearcthaí agus go múnlaítear í acu.

Tacaíonn an tionscnamh seo le tábhacht na rannpháirtíochta agus tarraingíonn sé aird ar na constaicí suntasacha i mbealach an oiread sin daoine maidir leis an rannpháirtíocht. I measc na gconstaicí sin tá an leithlisiú, an t-eisiamh agus an leithcheal. Ní bhaineann baint amach an chomhionannais le deiseanna a fháil don duine aonair amháin, baineann sí freisin leis an gcaoi a n-athraímid ár spásanna agus ár gcórais lena chinntiú go spreagtar agus go gcuirtear an t-ionchuimsiú chun cinn. Dá bhrí sin, tá dhá shnáithe chomhlántacha sa tionscnamh seo: ceann ag díriú ar dhaoine agus a rannpháirtíocht; an ceann eile ag díriú ar institiúidí agus a n-athrú ó bhonn.