Interviews

Interviews

Conas a chruthú an píosa dealbhóireachta

Físeán chun “Dearcán na nDaoine” de chuid Rachel Joynt a chur i láthair  

 

I mí na Nollag 2016, d’fhógair an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn go raibh an comórtas mór le rá chun dealbh ar théama 1916 i gcomhair Áras an Uachtaráin a chruthú buaite ag an dealbhóir Rachel Joynt.  
Baineann an dearadh buaiteach, dar teideal ‘Dearcán na nDaoine’, úsáid as siombalachas aistear an dearcáin ó shíol beag go crann darach maorga chun imeachtaí Éirí Amach na Cásca a chomóradh agus cumas thodhchaí na hÉireann a cheiliúradh. 
Beidh taisceadán todhchaí sa dealbh, ina mbeidh scríbhinní daoine, idir óg agus shean, lena gcuid smaointe agus a mianta d’Éirinn. 
Thaistil an dealbhóir Rachel Joynt agus an file Enda Wyley timpeall na hÉireann, iad ag éascú sraith ceardlann le daltaí scoile, chun a gcuid scríbhinní a bhailiú lena gcuimsiú sa taisceadán todhchaí.  
Cuireann an físeán seo an t-eolas is déanaí ar an bpróiseas i láthair agus taispeánann sé an chaoi ar bhailigh na healaíontóirí mianta agus aislingí chuid de na saoránaigh is óige in Éirinn. Lá is faide anonn eagrófar ceardlanna cosúla do ghrúpaí daoine níos sine.  

 

Cuireann an físeán seo an t-eolas is déanaí ar an bpróiseas i láthair agus taispeánann sé an chaoi ar bhailigh na healaíontóirí mianta agus aislingí ghrúpa saoránaigh aosta na hÉireann.  

 

Cuireann an físeán seo an t-eolas is déanaí ar an bpróiseas i láthair, agus taispeánann sé an dealbhóir, Rachel Joynt, ina ceardlann.  

 

Cuireann an físeán seo an t-eolas is déanaí ar an bpróiseas i láthair, agus taispeánann sé an dealbhóir Rachel Joynt sa teilgchearta, áit a bhfuil an dealbh á teilgean.

 

 

Taispeánann an físeán seo Dearcán na nDaoine á nochtadh ag an Uachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín.