Public Art Project at Áras an Uachtaráin

View the Winner

Comóradh 1916 – comórtas ealaíne poiblí

 

Ag deireadh 2015, thug An tUachtarán Micheál D. Ó hUigín agus Sabina Uí Uigín cuireadh d’ealaíontóirí clúiteacha, atá ag obair in Éirinn agus thar lear, moltaí a chur chun cinn chun dealbh chomórtha do 1916, le lonnú i ngáirdíní Áras an Uachtaráin, a dhéanamh. Seasfaidh an dealbh in ómós oiriúnach agus buan do na fir is na mná a rinne idir iarracht agus íobairt ar son shaoirse na hÉireann agus beidh sí mar inspioráid chun an aisling d’fhíorphoblacht a thógáil, mar atá léirithe i bhForógra na Cásca 1916, a fhíorú.

Tá an tionscnamh maoinithe mar chuid de Chlár Comórtha an Rialtais, ‘Éire 1916’, a chuir buiséad de €160,000 ar fáil dó.

Thug an tUachtarán cuireadh do choiste, faoi stiúir Caitríona Crowe, chun tabhairt faoin bpróiséas dúshlánach chun dearadh le cur i gcrích a roghnú. Ba iad Imogen Stuart, Robert Ballagh, Seán Ó Laoire agus Jenny Haughton baill eile an choiste roghnaithe.

Chuir ceithre ealaíontóir déag isteach ar chomórtas an Uachtaráin ar an gcéad dul síos, agus chuir siad réimse leathan moltaí ar fáil. Astu seo, roghnaigh na moltóirí cúigear acu, ar tugadh an deis dóibh cur síos níos mine a dhéanamh ar a ndearaí, chomh maith le múnlaí díobh a dhéanamh, agus bhí orthu cur i láthair faoina dtionscnaimh a dhéanamh do na moltóirí chomh maith.

Ag deireadh an phróisis seo, roghnaíodh dearadh Rachel Joynt; Dearcán na nDaoine/People’s Acorn.

Tá Rachel i mbun oibre ar a dealbh i láthair na huaire. Tá sé le nochtadh i Mí na Samhna 2017.

Competition Judges

Placeholder

Caitríona Crowe

Placeholder

Jenny Haughton | Judge

Placeholder

Imogen Stuart

Placeholder

Seán Ó Laoire

Placeholder

Robert Ballagh