Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig 2019 ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Dáta: hAo 15th Már, 2019 | 01:00

Ar Lá Fhéile Pádraig 2019, mar Uachtarán na hÉireann is mian mo bheannachtaí óm’ chroí a sheoladh chuig muintir na hÉireann, cibé áit atá siad ar fud an domhain. 

Pé áit ina bhfuil tú, tá tú mar chuid de theaghlach domhanda na hÉireann agus is le chéile atá muid ag déanamh ceiliúradh ar ár gcultúr, ár n-oidhreacht agus ár stair. 

Seolaim mo bheannachtaí chomh maith leo siúd lena fréamhacha i náisiúin agus cultúir eile ach a dhéanann ceiliúradh linn ar ár lá seo agus gabhaim buíochas leo as ucht an tacaíocht agus an cabhair a thugann said d’ár mhuintir thar lear agus as an suim a thaispeánainn siad i gcúrsaí Éireannacha.

Inniu, iarrtar orainn machnamh a dhéanamh ar oidhreacht Naomh Pádraig, fear a raibh luachanna na dlúthpháirtíochta agus na daonnachta ag baint leis. 

Ar an lá speisialta seo, léiríonn muid arís ár ndílseacht don chomhionannas, don cheartas sóisialta agus tugaimis aire dá chéile, go h-áirithe dár saoránaigh domhanda leochaileacha atá ag streachailt sa saol ar chúiseanna eagsúla. 

Le blianta beaga anuas, mar chuid de cheiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig, cuirtear chuma ghlas ar fhoirgnimh cáiliúla, anseo in Éirinn agus thar lear, Áras an Uachtaráin san áireamh ar ndóigh. 

Go deimhin, baineann an dath glas le lá fhéile Naomh Pádraig, lenár stair agus ár n-iarrachtaí thar na céadta saoirse agus neamhspleáchas a bhaint amach.

Inniu, tá an focal féin – glas – nasctha mar shiombail de cosaint ár gcomhshaoil, 
an domhain nádúrtha timpeall orainn, agus leis an tábhacht agus an práinn atá ag baint le dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn chun ár bplainéad a chaomhnú – dúinn féin agus do na glúin a thiocfaidh inár ndiaidh.

Glacadh cinntí ina leith ag leibhéal domhanda i 2015.  Cé gur ar an Rialtas, agus Rialtaisí eile an domhain atá an phríomh fhreagracht na cinnti seo a chur i gcrích, tá sé tábhachtach go nglacaimid lenár bhfreagrachtaí féin, mar shaoránaigh de chuid an domhain, agus go gcomhlíonann muid ár ról pearsanta chun ár dtimpeallacht a choimead slán. 

Mar sin, i mbliana agus foirgnimh agus séadchomharthaí cáiliúla ar fud an domhain geal agus glas in onóir Lá Fhéile Pádraig, déanaimis cinneadh chun ár ndícheal a dhéanamh, chun domhan níos glaise a chruthú.

Ar Lá Fhéile Pádraig, tagainn muid le chéile mar thaighleach domhanda na hÉireann i dteannta ár gcáirde ar fud na cruinne.  Déanaimid ceiliúradh le chéile ar na gnéithe luachmhara agus spioradálta sin den Éireannachas ár gcultúr, ár spóirt, ár n-amhráin agus dteanga ina measc. 

Agus muid ag teacht le chéile ní mor dúinn glacadh arís lenár ndualgais mar shaoránaigh dhomhanda, agus go leanfaimid linn ag obair le saoránaigh eile ar fud an domhain chun saol níos slándála, níos cothroime agus níos inbhuanaithe a chruthú – Domhan a dhiúltóidh do gach saghas foréigin, a aithníonn go bhfuil bochtanas domhanda, dúshaothrú agus easpa chomhionannais ina fhadhbanna a léiríonn ár dteip, mar chine dhaonna.

Ar Lá Fhéile Pádraig 2019, guím síochán agus sonas ar ghach duine ar an oileán seo, Éireannaigh a rugadh anseo nó Éireannaigh le hoidhreacht, daoine a bhfuil nasc acu le hÉirinn, pé áit ar domhan ina bhfuil siad, agus saoránaigh ar fud an domhain ar cairde linn iad – ceiliúradh sona agus síochánta.

Beir beannacht.