Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar Thuarascáil an Choimisiúin Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán

Dáta: hAo 15th Ean, 2021 | 08:42

Ag trácht ar fhoilsiú na tuarascála deiridh ón gCoimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go raibh sé práinneach go rachfaí i ngleic le himní agus go bhfreastalófaí ar riachtanais na marthanóirí, agus gur chóir go mbeadh an dá ghné seo ag croílár na freagartha.

Ina ráiteas, dúirt an tUachtarán:

“Cuireann tuarascáil an Choimisiúin Imscrúdúcháin teip ollmhór na hÉireann le gealltanas ár bPoblachta a chomhlíonadh, agus an chaoi ar glacadh le sárú chearta bunúsacha ár gcomhshaoránaigh thar thréimhse bhreisithe ama i gcuimhne dúinn. Tá freagracht throm le hiompair ag an Stát agus ag an Eaglais as seo.

Mar Uachtarán na hÉireann, fáiltím roimh fhoilsiú Thuarascáil an Choimisiúin agus na leithscéalta a gabhadh, agus táim ag cuimhneamh faoi láthair, mar is cóir agus mar a bhí go minic, ar na máithreacha agus na leanaí a cailleadh, iad siúd a tháinig slán agus a n-iompraíonn tráma a luath-óige, anuas ar an ualach cruthaithe ag eolas faoina dtuismitheoirí breithe a bheith bainte díobh; as na mná seo, idir bheo agus mharbh, a chroch leo, agus a gcrochann a bpáistí fós, smáil a dtaithí, srianta na náire agus na rúndachta curtha orthu, agus an t-ualach a mhair ar feadh a saoil, ardaithe ag an tráma, an bás nó an scaradh óna gclanna.

Agus freagra á thabhairt ar Thuarascáil an Choimisiúin, tá sé tábhachtach go rachfar níos faide ná an Achoimre Fheidhmeach amháin agus go dtabharfar aird oiriúnach do na codanna sin a bhfuil eolas iontu faoi ráitis daonna agus phearsanta maidir leis na heispéiris ón méid drochíde a tugadh dár saoránaigh, thar thréimhse ama chomh fada leis seo. Is scátháin chumhachtacha iad na ráitis seo ar shochaí, Eaglais, Stát agus ar a n-eagraíochtaí a dtéann glan in aghaidh tréithe fhíor-phoblacht, poblacht a tógadh ar chearta comhionanna, cúram, saoirse, dlúthpháirtíocht agus comhbhá.  

Ní hionann foilsiú na tuarascála seo agus conclúid áfach, is comhartha í den obair atá amach romhainn í, ar mhaithe le tuiscint níos cuimsithí a thabhairt chun solais ar cad a tharla agus cén fáth, agus an gá atá ann le cearta na mban agus na naíonán seo a raibh ina gcónaí sna hárais seo a sheasamh.

Tagann an tuarascáil seo sna sála ar thuarascálacha eile faoi mhí-úsáid institiúideach agus faoin tsochaí a cheadaigh í, nó a choimeád faoi cheilt í. Ghlac sé cúig bliana le cur ina crích, agus tá freagracht ann anois le bogadh ar aghaidh gan mhoill go dtí an chéad chéim eile den phróiseas seo agus freagairt go sásúil agus go flaithiúil do riachtanais agus do bhuarthaí dlisteanacha na marthanóirí agus na n-íospartach eile.

Caithfear an idirghníomhaíocht idir na hinstitiúidí a sheas le mí-úsáid na mban agus na naíonán a mheas ón gcaoi a dtáinig siad ar an bhfód; na barúil a raibh siad bunaithe orthu agus ag reáchtáil faoi; an fhreagracht nár ghlac na haithreacha léi; eisiamh na mball teaghlaigh a measadh a raibh ina mbagairt do stádas an teaghlaigh; mí-úsáid an chreidimh spioradálta agus reiligiúnaigh a bheith curtha faoi cheilt mar chaidreamh tréadach, ach a rinne scáthánú ar bhunchreidmheachas máistriúil; an claonpháirteachas idir iadsan a ghlac róil an chúraim sa Stát áitiúil agus lárnach, ar tugadh sonraí dóibh, ina measc líon déistineach na mbásanna sna naíonáin, ach a chur cearta na saoránaigh ba leochailí faoi choim rúndacht institiúideach.

Is é an Stát a cúisítear as leas a saoránaigh is leochailí a chosaint, agus is é an Stát ar cóir glacadh leis an bhfreagracht phríomha as teipeadh ar thacaíocht chuí a chur ar fáil do na mílte agus na mílte bean óg. Tá sé tábhachtach freisin go n-aithnítear, iarmhairtí san áireamh, an chaoi ar féidir le Stát nua-neamhspleách a bheith gafa ag leagan tiarnúil, breithiúnach de chúrsaí Eaglaise/Stáit a raibh sé mar aidhm aige seilbh a ghlacadh ar an bhfocal deireanach mar cheannródaí aonair na moráltachta.

Fiú agus an Stát ag admháil lochtanna institiúideacha agus a chiontaíl gur ligeadh do na coinníollacha leanúint ar aghaidh sna hárais seo, coinníollacha a chur le rátaí arda báis éagóracha i measc na naíonán, tá dualgas freisin ar na fórsaí reiligiúnacha agus sóisialta, a dhiúltaigh le ról don Stát i gcosaint na mban agus na leanaí, bheith freagrach as an easpa measa a léiríodh do chearta saoránach a cheadaigh siad a bheith i réim, tríd a n-abhcóideacht nó a gclaonpháirteachas. 

Is é atá mar dualgas againn anois, mar Stát agus mar chomhphobal, ná freastal ar agus le dul i ngleic le, riachtanais agus buarthaí na marthanóirí agus a dteaghlach, a bhfuil fulaingthe agus léirithe acu, agus ár seacht ndícheall a dhéanamh tacú leo.   

Tá sé tábhachtach freisin, go n-aithnítear agus go ngabhtar buíochas déanach leo siúd a ghríosaigh chun fiosrúchán a chur ar bun nó a chuaigh sa tóir ar fhíricí, agus a ndearnadh neamhaird orthu. Le déanaí tá daoine ar nós Catherine Coreless san áireamh, bean a d’íoc go pearsanta as scannal ceilte a thabhairt chun solais, scannal a bhí cosanta ar feadh i bhfad an iomarca ama, lena mhí-úsáid údaráis, shéanadh ceart agus go cinnte easpa daonnachta nó cúirtéise i dtaca le básanna naíonán i suímh institiúideacha.  

Ní bhaineann seo le bheith ag ‘bogadh ar aghaidh’ ón scéal, ach a bheith ag foghlaim uaidh agus athruithe a dhéanamh.

Is cor cinniúnach é seo dár saoránaigh go léir. Do staraithe freisin, agus do scoláirí eile, le haitheantas a thabhairt don láimhseáil easnamhach ina gcuid disciplíní féin maidir le ceisteanna faoi haicme shóisialta agus an mí-úsáid údaráis, na hiarmhairtí a bhaineann le tús áite a thabhairt do chearta maoinithe agus stádais thar bhunriachtanais agus cearta daonna, iad siúd uilig a neartaigh seachaint agus bacainn fhírinne an scéil.     

Ar deireadh, tugaimid tús áite do thábhacht éacht an fhéinrialtais i gcúrsaí áitiúla, an ról atá aige inár n-iarracht i dtreo neamhspleáchas a bhaint amach, agus an chaoi ar chur seo togra náisiúnach chun cinn. Mar sin féin, nuair a bhí baill áitiúla i gcumhacht, d’fhéadfaidís a bheith an-díomách ar cheisteanna an chomhionannais, go háirithe maidir le cúram cuí do mháithreacha a thug leanaí ar an saol lasmuigh den phósadh, agus dá bpáistí. Mar shampla, insíonn an Tuarascáil dúinn faoi bhall de Choiste um Íoclanna agus Ospidéil na Gaillimhe ag ardú cúiseanna imní a roinneadh leis faoi mháithreacha neamhphósta ag tabhairt leanaí ar an saol in Ospidéal Lárnach na Gaillimhe san fhoirgneamh céanna le máithreacha eile, a bhí cosanta ag an measúlacht, agus gurbh fhearr bothán a thógáil in aice leis an Teach Mór Tuaithe. D’fhéadfadh an gol briseadh ar dhuine agus seo á léamh, ní hamháin de bharr fhoilmhe an phoblachtachais a léirigh sé, ach de bharr an easpa cothromaíochta nó daonnachta a cuireadh ar fáil.

In aimsir ár linne, ná déanaimis dearmad ar an bpian a cruthaíodh, agus a iompraíodh ar feadh tréimhse saoil, ó atmaisféar breithiúnach agus ganntanas cúraim i bhfianaise a soláthraíodh, níl anseo ach cuid den scéal.

Caithfimid dul i ngleic le tuairimí atá ag saoránaigh faoin tsochaí, a bhfuil seo uilig bunaithe orthu, agus beart a dhéanamh le háit níos fearr a chruthú dár nglúin féin, agus do ghlúnta na todhchaí.”