Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás Paddy Moloney

Dáta: Mái 12th Dei, 2021 | 14:43

"Is le brón a d’fhoghlaim pobal an cheoil Éireannaigh, agus go deimhin an pobal níos leithne ar fud an domhain a fuair inspreagadh óna shaothar, faoi bhás Paddy Moloney, bunaitheoir agus ceannaire na Chieftains. 

Bhí Paddy, lena scileanna éachtacha mar cheoltóir uirlise, go háirithe leis na píoba uilleann agus an bodhrán, ar thús cadhnaíochta in athbheochan spéise an cheoil Éireannaigh, ag cothú buíochais as an nua don cheol Éireannach agus don chultúr go hidirnáisiúnta.

Trína chuid oibre mar cheoltóir cruthanta agus mar bhall bunaidh de Claddagh Records le Garech de Brún, d'éirigh le Paddy grá don cheol Éireannach a mhúscailt ní hamháin sa diaspóra, ach i measc iad siúd ar fad timpeall na cruinne a d’éist lena chuid ceoil agus a bhí buíoch as a tharchéimnitheacht. 

Thug sé faoina chuid oibre mar léiritheoir le hionracas, agus ar mhaithe leis an gceol é féin a chur chun cinn ag am a raibh na buntáistí tráchtála a bhain leis teoranta go maith. Seasfaidh a oidhreacht an fód i bhfoirm an ceol a chruthaigh agus a roinn sé leis an domhan mór.

Ar son Shaidhbhín agus mé féin, agus thar ceann mhuintir na hÉireann, is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le clann agus cairde Paddy, go háirithe a bhean chéile Rita agus a pháistí Aonghus, Pádraig agus Aedín."