Ráiteas maidir leis na hionsaithe san Éigipt
Dáta: Dom 9th Aib, 2017 | 22:05
Tar éis na n-ionsaithe ar shéipéil in Tanta agus Alexandria, tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis a chomhbhrón a chur in iúl do mhuintir na hÉigipte; dúirt sé go bhfuil sé ag smaoineamh ar chlanna na n-íospartach agus go bhfuil súil aige go dtiocfaidh biseach orthu siúd atá gortaithe go luath.