Ráiteas maidir leis an ionsaí i Stockholm
Dáta: Dom 9th Aib, 2017 | 08:40
Tar éis an ionsaithe mharfaigh ar shibhialtaigh i lár Stockholm, tá an tUachtarán Micheál D. O hUigínn tar éis a chomhbhrón a chur in iúl don Cheannaire Stáit, don Rialtas agus do mhuintir na Sualainne, agus dlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann á cur in iúl aige le clanna na n-íobartach agus le gach duine atá buailte leis an tragóid.