Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin Ó hUigínn ar Chomóradh Céad Bliain Dhomhnach na Fola

Dáta: hAo 20th Sam, 2020 | 15:51

Ar an Satharn 21 Samhain, ar cuireadh ón CLG, leagfaidh an tUachtarán Ó hUigínn bláthfhleasc i bPáirc an Chrócaigh, chun comóradh a dhéanamh ar bhásanna ceathrar déag a maraíodh agus iad ag freastal ar chluiche peile idir Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árainn ar 21 Samhain 1920.

 

"Ag deireadh an lae, céad bliain ó shin, bhí 32 duine, triúir dóibh ina pháistí, marbh, nó ag fáil bháis i mBaile Átha Cliath. Gortaíodh daoine eile gan áireamh, agus athraíodh a saol de thoradh imeachtaí an lá sin. Bhí tuilleadh bás agus briseadh croí fós le teacht.

Bhí sonraí na heachtraí seo, agus an comhthéacs inar tharla siad faoi cheilt nó séanta ag an am, agus sna blianta a lean, bhain conspóid agus sáraíocht leo, agus cuimhníodh orthu go roghnaitheach ar chúiseanna éagsúla. Inniu, cuimhníonn muid ar iadsan a bhfuair bás agus iad a d’fhulaing le brón ó chroí, agus uafás fiú. Cuirtear i gcuimhne dúinn freisin leochaileacht na síochána, síocháin a bhí deacair orainn teacht uirthi, agus na hiarmhairtí a thagann le mí-úsáid chumhachta, agus nuair a theipeann ar thaidhleoireacht agus ar pholaitíocht.

Cuireann na heachtraí uafás orainn fós, an éadrócaire agus an bású danartha. D'fhéadfadh go mbreathnaíonn daoine árid siar ar eachtraí Dhomhnach na Fola ar bhealaí éagsúla. Tá orainn meas a bheith againn ar dhearcthaí difriúla, agus flaithiúlacht i dtaobh insintí éagsúla ar an lá sin a chothú. Caithfidh muid go léir eachtraí pianmhar ónár stair a chuimhniú go hionraic. Cuideoidh sé seo linn chun freagracht a ghlacadh as an am i láthair agus ár dtodhchaí choiteann síochánta."