Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ar chomóradh 20 bliain ó ionsaithe an 11 Meán Fómhair 2001 i SAM

Dáta: hAo 10th Meá, 2021 | 22:25

Ar an lá seo, cuimhnímid orthu siúd a cailleadh nó a gortaíodh le linn na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe; an crá croí agus an chailliúint a d’fhulaing teaghlaigh na n-íobartach; agus dúthracht agus laochas neamhleithleach iadsan a tháinig i gcabhair orthu.

Ar an lá seo, mar oidhreacht ar an bhfulaingt seo, beartaímis ar síocháin idir náisiúin a thógáil agus a chothú, agus oibrímis le hinstitiúidí iltaobhacha a oibríonn le cearta daonna a chosaint, deireadh a chur leis an mbochtaineacht dhomhanda agus coimhlint a sheachaint, a neartú.