Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn tar éis dó An Bille um Bearta Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail (Co

Dáta: hAo 27th Már, 2020 | 20:05

Tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh ar an mBille um Bearta Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail (Covid-19) agus é a chur faoina lámh, d’eisigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an ráiteas seo a leanas:

“Agus sinn ag druidim i dtreo tréimhse chinniúnach inár bhfreagairt  ar phaindéim COVID-19, ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl arís leo siúd ar bhásaigh duine dá gclann nó cara leo, agus mo bheannachtaí a thabhairt dóibh siúd go léir a tholg an víreas, dóibh siúd go léir nach raibh an deis acu a mbrón a chur in iúl, nó cuairt a thabhairt ar a ndaoine muinteartha agus cúram a dhéanamh díobh.

Thar ceann mhuintir na hÉireann ba mhaith liom ár gcomhbhrón roinnte a chur in iúl mar gheall ar an méadú i líon na ndaoine atá tar éis bás a fháil de bharr na paindéime.  

Taobh thiar de na figiúirí cloisfimid, nó beidh sé léite againn go bhfuil clanna ann atá ag déanamh bróin agus daoine cráite mar nach féidir leo bualadh lena ndaoine muinteartha.

Agus sinn ag beartú a bheith i bhfad níos airdeallaí agus aghaidh á tabhairt againn ar an gcéad chéim eile chun dul i ngleic leis an víreas, tá sé ceart go gcuirfinn mo bhuíochas in iúl do mhuintir na hÉireann as a bhfreagairt ar an ngéarchéim, agus mholfainn dóibh leanúint orthu agus daoine eile a mhisniú chun an rud céanna a dhéanamh. 

Tá an oiread sin daoine ag leanúint orthu agus a ndícheall á dhéanamh acu muid a choimeád slán agus an tír a choimeád ag dul ar aghaidh, trína gcuid iarrachtaí sa tseirbhís sláinte, i gcomhlachtaí seirbhíse poiblí, i seirbhísí sóisialta tábhachtacha, i siopaí agus i gcógaslanna. Tá sé oiriúnach go nglacfaimis, mar náisiún, buíochas leo as a seirbhís trínár gcion a dhéanamh trí chloí le comhairle an FSS.

Tá sé riachtanach go nglacfaí le bearta neamhghnácha agus deacra agus sinn ag iarraidh  an rabharta infhabhtaithe atá ag méadú a chosc. Feicfear tionchar na mbeart sin sna seachtainí amach romhainn. Is reachtaíocht éigeandála atá ann i gcomhair tréimhse ghéarchéime. Tá sé ceart go mbeadh teorainn ama ann agus go bhfágtar ár gcearta bunreachtúla ann.

Is tráth deacair atá ann, ach tiocfaidh deireadh lenár ndeacrachtaí. Déanaimis cinnte de go gcinnteoimid sláinte agus sabháilteacht a chéile, sinn uile le chéile, trí na cinntí agus na gníomhartha a ghlacfaimid.

Beir beannacht.”

 

 

 

CRÍOCH

 

Nóta don Eagarthóir: Inniu, an 27ú lá de Mhárta 2020, tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh ar an mBille um Bearta Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail (Covid-19) 2020, tá an Bille curtha faoina lámh ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus dá réir sin tá sé ina dhlí.