Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn - Liam Ó Murchú
Dáta: Lua 29th Mei, 2015 | 10:08
Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn inniu;
"Bhí brón mór orm a chloisteáil gur cailleadh an iar-chraoltóir, eagarthóir agus léiritheoir Liam Ó Murchú.
Le linn a shaol oibre d'oibrigh Liam go dothuirsithe chun an Ghaeilge a chur chun cinn, os comhair agus taobh thiar den cheamara araon. Ba é a chreideamh gur don uile duine an teanga a rinne duine ar leith dó i dtaobh cur chun cinn na teanga agus léirigh sé an cur chuige cuimsitheach seo agus é ag cur an chlár dátheangach Trom agus Éadrom i láthair.Cuimhneoidh a iarchomhghleacaithe sna meáin agus san earnáil craolacháin air mar dhuine proifisiúnta a raibh teochroí agus beocht go smior ann.
Is mian liom féin agus le Saidhbhín comhbhrón ó chroí a dhéanamh leana ochtar páistí, lena gharpháistí agus a chlann garchlainne, agus lena chairde."