Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas tar éis Chruinnithe leis an mBanbharún Blood

Dáta: hAo 25th Mei, 2021 | 17:00

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín fáilte roimh an mBanbharún Blood agus roimh an Uasal Paul Caskey ón gCiste Oideachais Imeasctha chuig Áras an Uachtaráin, áit a ndearna siad plé ar obair an Bhanbharúin ar an gceist sin, chomh maith lena hionchur ar feadh a saoil i gcúrsaí síochána agus i rannpháirtíocht iomlán páistí agus tuismitheoirí sa tsochaí. 

Tá an tUachtarán agus Saidhbhín i mbun feachtasaíochta ar feadh na mblianta ar son teacht ag páistí ar oideachas den scoth, agus páistí a bheith lena chéile sa chóras oideachais. Agus an deis á tapú ag an Uachtarán agus ag Saidhbhín obair an Chiste Oideachais Imeasctha a mholadh, agus obair an Bhanbharúin Blood go háirithe, phléigh siad conas a fhéadfaí tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh sa chomhoibriú idir Tuaisceart Éireann agus an Phoblacht, léi agus leis an Uasal Caskey.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe, dúirt an tUachtarán:

"Tá ríthábhacht ag baint le saothar an Chiste Oideachais Imeasctha, a thugann tacaíocht do phobail agus do scoileanna atá ag obair chun todhchaí roinnte a chruthú a bheidh bunaithe ar an oideachas imeasctha i gcomhair a bpáisti; tá tábhacht ar leith ag baint le hionchur féideartha an Chiste maidir leis an tslí chun todhchaí shíochánta agus shásúil a bhaint amach do pháisti uile oileán na hÉireann.

Táimse agus tá Saidhbhín inár dtacadóirí le fada an lá leis an ngluaiseacht Ag Foghlaim le Chéile. Bhíomar inár mbaill bhunaithe agus inár mbaill ghníomhacha de Bhord Thionscadal Scoile na Gaillimhe. Táimid fós den tuairim go bhfuil éiteas an chomhionannais phraiticiúil, atá ina bhonn eolais ag gluaiseachtaí an Oideachais Imeasctha agus Ag Foghlaim le Chéile, ríthábhachtach i gcomhair ár dtodhchaí roinnte.

Is cur chuige cumasaithe in oideachas ár bpáistí atá sa chur chuige ionchuimsitheach. Tá sé ar cheann de na tosca is tábhachtaí i gcumasú ár bpáistí lena bheith ina saoránaigh neamhspleácha, daonlathacha agus iad feasach agus freagrach go sóisialta; saoránaigh a spreagtar agus a chumasaítear le fís a bheith acu de shochaí níos fearr agus níos cothroime, sochaí roinnte a thugann áit do thuairimí, scileanna agus féiniúlachtaí gach duine agus a cheadaíonn tuiscint orthu."