Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán O hUigínn ar bhás an Athar Michael Kelly

Dáta: hAo 15th Ean, 2021 | 17:37

Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an tAthair Michael Kelly sa tSaimbia ina raibh a bhaile déanta aige. 
 
Ba de bhunadh Thulach Mhór é, fuair sé a chuid oideachais in UCD agus bhí aithne air mar gheall ar a abhcóideacht faoi chúrsaí VEID agus SEIF. Bhí sé an-ghníomhach, chomh maith, in earnáil an oideachais sa tSaimbia, áit a raibh poist shinsearacha aige in Ollscoil na Saimbia, agus b'urlabhraí láidir deisbhéalach é ar son chearta an duine.
 
Mar dhuine acadúil, scríbhneoir agus oideachasóir, rinne an tAthair Michael cion fir chun torthaí sláinte feabhsaithe a bhaint amach do dhaoine go leor san Afraic fho-Shahárach. Trína chuid oibre le Cúnamh Éireann agus le roinnt eagraíochtaí iltaobhacha, ba phearsa spreagúil a bhí ann d'oibrithe sláinte, d'oibrithe cabhrach, do dhaonnúlaigh agus do thaighdeoirí as Éirinn, an tSaimbia agus níos faide i gcéin.
 
Bhí cáil ar an Athair Michael, ní hamháin as a intleacht ach as a dhearfacht dhochreidte agus a chomhbhá.  Léirigh sé an obair iontach a bhí á déanamh ag misinéirí Éireannacha i réimsí an oideachais agus na sláinte ar fud an domhain. Bhí a dhaonnúlacht le feiceáil go soiléir ina chuid oibre agus ina theagmhálacha leo siúd go léir a raibh sé d'ádh orthu bualadh leis.
 
Bhí sé mar onóir agam Gradam an Uachtaráin um Sheirbhís den chéad scoth d'Éireannaigh thar lear a bhronnadh ar an Athair Michael in 2012.  Sa bhliain 2018 bhronn Uachtarán Lungu na Saimbia Gradam Ord Seirbhíse den Chéad Scoth air, mar aitheantas dá ionchur i gcur chun cinn an oideachais, an chirt shóisialta agus i gcúrsaí VEID/SEIF. Bhí a íomhá ar stampa a d'eisigh An Post anuraidh mar chuid dá shraith cheiliúrtha ar éachtaí na nÉireannach thar lear.
 
Tá sé fóirsteanach go gcuimhneofar air i Léacht an Athar Michael Kelly ar VEID agus SEIF, a reáchtáiltear gach bliain le teacht le Lá Domhanda SEIF ar an 1 Nollaig. Is meabhrú a bheidh san imeacht ar obair shármhaith agus oidhreacht shaibhir an Athar Michael Kelly. Cuirim mo chomhbhrón in iúl dá mhuintir agus dá chairde. Tá Éire agus an tSaimbia ag déanamh bróin faoi bhás fíorlaoich.
 
Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.