Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán O hUigínn ar bhás David Sassoli

Dáta: Mái 11th Ean, 2022 | 16:17

"Is le brón mór a chloisfidh parlaiminteoirí ar fud na hEorpa faoi bhás David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, inniu.

Bhí gairmréim chéimiúil aige mar iriseoir agus thug sé leis a idéil agus a thaithí ón am sin isteach ina chuid oibre sa pholaitíocht, áit a ndearna sé ionchur luachmhar agus béim á cur aige ar an tábhacht a bhain leis an Aontas Eorpach a bheith níos gaire do phobal na hEorpa.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl dá mhuintir agus dá chairde, agus chomh maith leis sin do bhaill uile Pharlaimint na hEorpa a mbeidh brón orthu, gan amhras, faoina bhás."