Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis cruinniú le hArd-Stiúrthóir na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (EBT), Qu Dongyu

Dáta: Déa 16th Meá, 2021 | 18:07

Ina chruinniú le hArd-Stiúrthóir na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (EBT), Qu Dongyu, phléigh an tUachtarán Ó hUigínn comhoibriú na hÉireann leis an EBT de chuid na Náisiún Aontaithe (NA).

Rinne an tUachtarán agus an tArd-Stiúrthóir machnamh ar stair agus ar ghorta na hÉireann, agus ar na córais talmhaíochta, pholaitiúla agus eacnamaíochta ba chúis leis.

Ghlac an tArd-Stiúrthóir buíochas leis an Uachtarán as ionchur na hÉireann in obair an EBT agus as a rannpháirtíocht ghníomhach inti agus dúirt sé go bhfuil claochlú na hÉireann sna scórtha bliain roimhe seo agus dearcadh domhanda na tíre fós ag spreagadh eagraíocht na NA. D’iarr sé ar an Uachtarán a chinntiú go leanfaidh Éire ag roinnt a taithí agus na ceachtanna a foghlaimíodh le ballstáit an EBT.

Tharraing an tUachtarán Ó hUigínn aird ar an bhfíric go bhfuil 80% de bhithéagsúlacht an domhain á cosaint faoi láthair ag pobail dúchais, nach bhfuil iontu ach 5% de dhaonra an domhain. Dúirt sé go raibh sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don bhfíric sin agus ceachtanna a fhoghlaim as an tslí a bhainistíonn siad acmhainní nádúrtha atá bunaithe ar cheangal soiléir idir an geilleagar agus an éiceolaíocht.

Dúirt an tArd-Stiúrthóir Qu go bhfuil sé ag tnúth le páirt a ghlacadh i gComhdháil Dhomhanda an Phráta a bheidh ar siúl an bhliain seo chugainn i mBaile Átha Cliath.