Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas tar éis an chruinnithe idir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus an tUachtarán Macron

Dáta: Déa 26th Lún, 2021 | 12:06

26 Lúnasa 2021

Bhuail an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn leis an Uachtarán Emmanuel Macron in Áras an Uachtaráin inniu, ag tús chuairt Uachtarán na Fraince ar Éirinn.

Rinne an bheirt Uachtarán plé ar raon téamaí, ina measc todhchaí an Aontais Eorpaigh tar éis imeacht na Breataine, an Eoraip Shóisialta, an Afraic agus an ghéarchéim atá roimh an gclár vacsaínithe domhanda in aghaidh Covid-19. I measc na dtopaicí a ndearnadh plé orthu bhí an ghéarchéim a bhaineann leis an athrú aeráide agus ceisteanna domhanda lena n-áirítear cúrsaí san Afganastáin agus in Háití.

Rinne an cruinniú forbairt ar an gcaidreamh déthaobhach gar agus dearfach idir an dá thír, comhpháirtíocht atá bunaithe ar luachanna coiteanna Eorpacha mar an gcaoinfhulaingt, an meas ar chearta an duine agus an tiomantas don chomhoibriú iltaobhach.  

Leag an tUachtarán Ó hUigínn béim ar an Eoraip shóisialta agus ar an ngá le ceangail nua a fhorbairt idir an eacnamaíocht, an eitic agus an éiceolaíocht.

Ghabh an tUachtarán Ó hUigínn buíochas leis an Uachtarán Macron as a thacaíocht leanúnach d’Éirinn, agus luaigh sé ár n-idéil choiteanna san Aontas Eorpach agus ar chúnamh na Fraince maidir lenár saoránaigh san Afganastáin.