Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Michael D. Higgins welcoming the acquittal of Ibrahim Halawa

Dáta: Lua 18th Meá, 2017 | 13:57

“Mar Uachtarán na hÉireann, fáiltím roimh an nuacht go bhfuil Ibrahim Halawa, agus a thriúr deirfiúr, éigiontaithe inniú, i gcás na gcuiteamh uilig a cuireadh ina leith.  Eachtra goilliúnach, a raibh cianfhulaingt ag baint leis. 

Cuireann cinneadh an lae inniú clabhsúr ar an mórsceimhle a d’fhulaing Ibrahim, a theaghlach, a chairde, agus a fhoireann dlí.

 Tá mé cinnte dearfa de, go bhfuil teaghlach Ibrahim ag tnúth go mór lena fhilleadh abhaile chuig a chlann ionúineach.

Tá mé cinnte leis, go mba chúis dóchais dá chlann, tacaíocht na ndaoine a bhí i mbun feachtais lena ligean saor, le ceithre bliana anuas, agus gur chuidigh sin go mór leo.     

Ag an tráth seo, is cuí aitheantas ar leith a thabhairt don Roinn Gnóthaí Eachtracha, & Trádála, maraon le foireann Ambasáid na hÉireann, Caireo, as a mór-iarrachtaí, i réiteach na ceiste seo”.