Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun Lá Domhanda na Daonnúlachta, 19 Lúnasa a chomóradh

Dáta: Déa 18th Lún, 2016 | 12:36

 Agus Lá Domhanda na Daonnúlachta (19 Lúnasa) á chomóradh aige, tharraing an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aird ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idirnáisiúnta chun riachtanais na ndaoine is leochailí ar domhan a shásamh:

“Déantar Lá Domhanda na Daonnúlachta a chomóradh ar fud na cruinne gach bliain chun ómós a léiriú d’oibrithe cabhracha a fuair bás nó a gortaíodh le linn a gcuid oibre agus chun ár dtiomantas comhchoiteann do luacha na daonnúlachta a cheiliúradh.

Inniu, agus urraim á tabhairt dóibh siúd a chuireann rudaí ina gceart i ndomhan atá briste trí iarracht a dhéanamh fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú, iarrtar orainn sinn féin a spreagadh chun cuidiú le domhan níos daonnúla a chruthú.

Is deis atá i Lá Domhanda na Daonnúlachta ár ndlúthpháirtíocht le níos mó ná 130 milliún duine thart timpeall an domhain, a bhfuil daonchabhair de dhíth orthu chun maireachtáil, a léiriú.

Is ábhar bróid dúinn an dea-theist ar Éirinn ina tacaíocht d’íospartaigh na coimhlinte agus na dtubaistí nádúrtha.  Agus is féidir linn misneach a thabhairt dá chéile dul i mbun gnímh, agus beartais a lorg a chuideoidh le deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an bhforéigean.”

< CRÍOCH >