Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Dermot Gallagher
Dáta: Dom 15th Ean, 2017 | 12:26
“Is le brón mór a chuala mé faoi bhás Iar-Rúnaí Ginearálta na Roinne Gnóthaí Eachtracha, an tUasal Dermot Gallagher.
Chaith an tUasal Gallagher a shaol sa tseirbhís phoiblí, bhí sé ina Ambasadóir céimiúil sna Stáit Aontaithe agus rinne sé cion fir do phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann.
Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí chuig a chlann, a chairde agus a iar-chomhghleacaithe ag an am brónach seo.”