Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn maidir le héirí as Nicola Sturgeon mar Chéad-Aire na hAlban

Dáta: Céa 15th Fea, 2023 | 17:29

“Is mór an aitheantas a fuair Nicola Sturgeon ó mhuintir na hAlban agus thar lear as an obair mhór a rinne sí mar Chéad-Aire céimiúil.

Le linn na tréimhse a chaith sí mar Chéad-Aire na hAlban, thug sí díograis agus dílseacht léi maidir le cúraimí na hionadaíochta agus na séirbhíse poiblí. Leiríodh sin sa cheannasaíocht a thaispeáin sí i rith phaindéim an víris COVID-19 nuair a chuir sí a tír ar a suaimhneas trí na srianta riachtanacha a raibh gá leo a chur i bhfeidhm.

Cheangail Nicola Sturgeon na scileanna réamhluaite le gart agus flaithiúlacht. Fuair mé taithí phearsanta ar a caoimhneas nuair a thug mé cuairt ar an Albain in 2016, agus ba i rith an teacht le chéile sin, agus I gcaitheamh na cuairte a thug sí ar Áras an Uachtaráin sa bhliain chéana, a chuir mé sonrú ar leith ar an bhfonnmhaireacht a bhí aici eachtraí reatha a phlé le meas agus macántacht do chastacht agus chomhthuiscint

Guím gach beannacht uirthi agus ar a clann don todhchaí"