Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Pat Hume

Dáta: Déa 2nd Meá, 2021 | 20:41

“Beidh go leor daoine ann a mbeidh an-bhrón orthu ach a gcloisfidh siad faoi bhás Pat Hume. Beidh an-trua acu dá clann agus dá gartheagmhálaithe.

Gheobhaidh siad faoiseamh éigin, dar liom, nuair a chuimhneoidh siad ar a ndearna Pat don saol ar an oileán seo agus níos faide i gcéin.

Bhain tiomantas iomlán don phobal le saol Pat Hume, d’fhéidearthachtaí na síochána agus do na beartais neamhfhoréigneacha a bhí riachtanach chun torthaí chearta an duine a dheimhniú agus a bhaint amach.

Cé gur beart dlúthpháirtíochta, comhpháirtíochta misniúla, diongbháilteachta agus misnigh a bhí ina tacaíocht dá fear céile, John Hume, buaiteoir Dhuais Nobel nach maireann, bhí an-ionchur pearsanta uathúil ollmhór agus fíorthábhachtach aici aisti féin.

Bhí ionchur thar na bearta ar gach bealach ag Pat mar mhúinteoir, mar mháthair i gcúinsí coinbhleachta, mar chomhairleoir polaitiúil, mar rúnaí toghcheantair agus mar shólásaí d’íospartaigh an leatroim ón iliomad foinsí éagsúla.

B’eiseamláireach an cúram, an chomhbhá agus an tacaíocht gan staonadh a thug sí, gan rian ar bith den eisiamh ann.

Ba mhór an onóir dom labhairt le fondúireacht John agus Pat Hume mí Meithimh seo caite agus an deis a bheith agam aitheantas a thabhairt d’ionchur John agus Pat sa Phróiseas Síochána.

Beidh áit dhodhearmata ag saothar Pat, ach an oiread le saothar John, i smaointe mhuintir na hÉireann go léir, go háirithe na daoine misniúla sin de gach meon, a lorg síocháin phrionsabálta mar mhalairt ar an bhforéigean de chineál ar bith agus a shaothraigh lá agus oíche chun todhchaí a chuimseodh scoth na luachanna a bhaint amach.

Beidh mise agus Saidhbhín agus ár gclann i measc na sluaite a bheidh ag iarraidh a gcomhbhrón a chur in iúl dá clann, dá muintir, dá cairde agus do mhuintir Dhoire agus níos faide i gcéin ina mbeidh áit ar leith aici ina gcroíthe go deo.

Síocháin shíoraí dá hanam lách, uasal, croíúil.