Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi bhás Iar-Uachtarán na Portaingéile, A Shoilse Jorge Sampaio

Dáta: hAo 10th Meá, 2021 | 17:52

“Ba chúis mhór bhróin dom a chloisteáil inniu gur bhásaigh Jorge Sampaio, a bhí ina Uachtarán ar an bPortaingéil ó 1996 go 2006.

Ar feadh a ghairmréime dlíthiúla agus polaitiúla, bhí an tIar-Uachtarán Sampaio go mór ar son chearta an duine agus ar son cearta polaitiúla a fheidhmiú go neamhshrianta. Ó na 1960idí ar aghaidh, bhí ról tábhachtach aige ag cuidiú le haistriú a thíre go dtí an daonlathas sna 1970idí agus níos faide ar aghaidh.

Thug sé cabhair shuntasach, freisin, do chur chun cinn chearta an duine agus é ina bhall den Choimisiún Eorpach um Chearta an Duine de chuid Chomhairle na hEorpa. Léiríodh na cáilíochtaí sin go ríshoiléir, chomh maith le go leor eile nach iad, agus é ina státaire agus ina cheannaire ar a mhuintir le linn an dá théarma a chaith sé mar Uachtarán na Portaingéile.

Tar éis dó éirí as an oifig ard sin, lean sé ag freastal ar leibhéal domhanda nuair a cheap Kofi Annan é mar Thoscaire Speisialta in aghaidh na hEitinne de chuid Ard-Rúnaí na NA, agus ina dhiaidh sin cheap Ard-Rúnaí na NA, Ban Ki-moon, é mar Ard-Ionadaí na NA sa Chomhghuaillíocht Sibhialtachtaí a bhfuil sé mar aidhm aici cur i gcoinne an antoisceachais.

Thug an tUachtarán Sampaio Cuairt Stáit ar Éirinn in 1999. Cuimhnítear go geanúil air agus cuimhneofar mar sin air amach anseo. Ar son mhuintir na hÉireann, déanaim féin agus Saidhbhín comhbhrón lena chlann, lena chairde agus le muintir Phoblacht na Portaingéile.”