Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Liam Cahill

Dáta: Mái 21st Mei, 2022 | 11:24

"Beidh brón ar lucht na meán, na polaitíochta agus níos faide i gcéin nuair a chloisfear faoi bhás Liam Cahill.

Bhí ionchur leathan agus ilchineálach ag Liam i sochaí na hÉireann.  Ina measc bhí a shaothar, a thaighde agus a scríbhneoireacht mar iriseoir agus staraí agus mar chomhairleoir i gcúrsaí polaitíochta agus poiblí. Thug sé leis spiorad tuisceanach, greannmhar agus paiseanta chucu siúd uile agus d'fhág sé oidhreacht phearsanta ar leith ina shaothar.  Ina shaothar chun tuilleadh airde a tharraingt ar Shóivéid Luimnigh na bliana 1919 léirigh sé suim ar leith sa chosmhuintir, sna daoine eisiata nó a ndearnadh neamart iontu.  Bhronn sé cóip dá leabhar faoi seo orm in Áras an Uachtaráin.

Bhí sé de phribhléid agam dul i gcaidreamh le Liam go minic thar na blianta.  Go deimhin, bhí sé ar intinn aige cuairt a thabhairt orm san Áras sna seachtainí amach romhainn le cóip dá leabhar is deireanaí ‘From Suir to Jarama’, a bhronnadh orm, leabhar a dhéanann soiléiriú ar scéal a dhuine muintire Mossie Quinlan, óglach deonach sa Spáinn le cathlán Briotanach na Briogáide Idirnáisiúnta.   Is mór an trua nach mbeidh an deis againn casadh lena chéile mar a bhí beartaithe. 

Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena iníon Susan, a mhac Eoin, lena mhuintir agus lena chairde trasna raon na polaitíochta."