Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Mikhail Gorbachev

Dáta: Céa 31st Lún, 2022 | 11:10

"I measc na léirithe comhbhróin go léir faoi bhás Mikhail Gorbachev, b'fhéidir gurb iad na daoine is mó a ghoill sé orthu iad siúd a mhair faoi chúinse an Chogaidh Fhuair agus a chonaic an 'perestroika' agus an 'glasnost' mar uirlisí dóchais. Bhí dóchas le brath i measc saoránaigh bhuartha an domhain de bharr na gcomhaontuithe ar thug sé fúthu le daoine eile chun uirlisí cogaidh a laghdú seachas iad a tháirgeadh agus a dháileadh nuair a bhí an oiread sin fadhbanna ocrais agus bochtaineachta i réim.
 
Bhí an chuma air, ó dhearcadh na ndaoine sin, gur aithin sé cumhacht na taidhleoireachta agus an acmhainn atá inti a thaispeáint, fiú do rialtais chumhachtacha, go bhféadfaí tabhairt faoi dhifríochtaí idé-eolaíocha agus fiú iad a shárú ach iad a thabhairt chuig lárionaid an dioscúrsa agus iad a phlé ar bhonn cóimheasa.  
 
Ba údar míshuaimhneas dó, mar ar thug sé le fios in agallaimh níos deireanaí ina shaol, nár rith sé leis go raibh cumhacht agus tionchar ag fórsaí institiúide a bhí ina aghaidh, lena n-áirítear coimpléisc mhíleata thionsclaíocha gan teorainneacha.  Labhair sé faoin tslí a ndeachaigh sé i muinín daoine nuair ba cheart dó é a aithint nach raibh aon bhonn muiníne ann. Bhí fórsaí inmheánacha agus seachtracha ann nach ligfeadh do leasuithe radacacha teacht i bhfeidhm go brách.
 
B'fhear é a raibh nádúr maith ann agus a thug dóchas agus cuimhneofar air mar is ceart mar dhuine a raibh an nádúr fíordhaonna sin aige."