Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar Chothrom Lae 35 bliain de Thimpiste Núicléach Shearnóbail

Dáta: Dom 25th Aib, 2021 | 17:30

"Inniu, tá an lá cinniúnach sin in Aibreán 1986 á thabhairt chun cuimhne againn, nuair a baineadh stangadh as daoine ar fud an domhain agus an tubaiste núicléach á nochtadh féin. 

Tá íomhánna na seirbhísí éigeandála ag troid in aghaidh na dtinte a tháinig as an imoibreoir scriosta agus na ndaoine a gortaíodh go tubaisteach fanta linn go léir i gcónaí mar mheabhrú cumhachtach ar na bagairtí ar féidir leo a bheith bainteach le hiarrachtaí na heolaíochta agus ar an bhféidearthacht bhuan a bhaineann le hearráid an duine.

D'fhág an lá sin i Searnóbail scamall dorcha a leanfaidh muid ar feadh stair an duine dhaonna. Tá drochthoradh na tragóide sin - an tubaiste núicléach is measa sa stair, maidir le daoine a maraíodh agus a gortaíodh agus maidir le tionchar níos forleithne - ina mhacalla i saol na ndaoine, fiú anois, 35 bliain níos deireanaí, agus cuid díobh nach raibh fiú ar an saol in 1986.

Chomh maith leis sin spreag tubaiste Shearnóbail spiorad iontach na dlúthpháirtíochta daonna, ar fud an domhain, agus Éire san áireamh.  Bhíomar ar cheann de na chéad tíortha a thug aghaidh ar an ngéarchéim dhaonnúil trí thacaíocht a thabhairt do na mílte d'íospartaigh Shearnóbail agus a d'fhreastail ar a riachtanais. Ba cheangal tochtmhar a chruthaigh an chuid mhaith teaghlach Éireannach a d'oscail a ndoras do pháistí ó cheantair a raibh tionchar Shearnóbail orthu agus ar cheantair na Bealarúise a bhí faoi mhíbhuntáiste.

Mar Uachtarán na hÉireann, glacaim buíochas leo siúd go léir a d'oibrigh go crua, agus atá fós ag obair go dian, chun cuidiú le híospartaigh Shearnóbail, agus dóchas agus comhbhá á dtabhairt acu, mar is dual dóibh, dóibh siúd a raibh tionchar mór ag ceann de mhórthubaistí na staire orthu.

Ar Lá Cuimhneacháin Shearnóbail de chuid na Náisiún Aontaithe, agus ar chothrom lae thubaiste Shearnóbail 35 bliain ó shin, geallaimis go léir cinntiú nach ndéanfar dearmad ar thragóid Shearnóbail agus í a chaitheamh i dtraipisí na staire, agus an eachtra sin a fhágáil san am atá caite mar eachtra nach mbaineann aon bhagairt níos mó leis. Tá an fhírinne an-éagsúil: Baineann 'Searnóbail' leis an am atá caite, agus ba cheart go mba bonn eolais a bheadh ann do ghníomhartha agus cinntí na linne seo agus an ama atá le teacht .

Agus Searnóbail a bheith á tabhairt chun cuimhne inniu, ní hamháin go gcuimhnímid ar na híospartaigh ach cuirimid ár ndóchas roinnte i gcomhair todhchaí níos sábháilte in iúl. 

Bainimis leas as an gcuimhne atá againn ar an Lá chun teacht aniar agus dlúthpháirtíocht an duine a cheiliúradh, mar a léirítear in iarmhairt na tubaiste mar fhoinse dár rúndaingne agus aghaidh á tabhairt againn ar phaindéim Covid-19."