Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis na gcreathanna talún sa Tuirc agus sa tSiria

Dáta: Lua 6th Fea, 2023 | 16:59

"Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl thar ceann mhuintir na hÉireann le muintireacha na Tuirce agus na Siria a bhfuil na creathanna talún millteanacha a tharla ar maidin ag cur isteach orthu.
 
Is mór an trua linn a gcás agus cás na ndaoine ar cailleadh agus ar gortaíodh daoine muinteartha leo, agus tacaímid leis na seirbhísí éigeandála atá ag leanúint le tarrtháil agus le cosaint na ndaoine sin a bhfuil na tragóidí sin ag cur isteach orthu. 
 
Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom a dhearbhú do na pobail Thurcacha agus Shiriacha atá ina gcónaí in Éirinn, a bhféadfadh a gcuid gaolta a bheith buailte go díreach ag an tragóid, go bhfuilimid ag seasamh gualainn le gualainn leo san am seo."