Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar mharú Lyra McKee

Dáta: hAo 19th Aib, 2019 | 09:13

"Baineadh suaitheadh as muintir na hÉireann agus bhí uafás agus brón orthu nuair a chualadh siad faoi mharú an iriseora óig Lyra McKee i nDoire aréir – bean chumasach agus dhíograiseach, a caitheadh agus í i mbun a cuid oibre gairmiúla.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá clann agus dá cairde agus dóibh siúd go léir a raibh aithne acu uirthi agus a d’oibrigh léi."