Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Mervyn Taylor

Dáta: Déa 23rd Meá, 2021 | 13:24

Léiríonn bás Mervyn Taylor éag mórphearsa sa troid ar son an chomhionannais.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na gluaiseachta chun an rochtain chéanna a bheith ag gach saoránach faoin dlí, agus ina dhiaidh sin bhí sé ar an gcéad Aire sa Roinn Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Bhí sé de phribhléid agam foirgneamh ar Bhóthar Mespil a roinnt leis.

Aireoidh a chomhghleacaithe i bPáirtí an Lucht Oibre uathu comrádaí nach ngéillfeadh ar a phrionsabail, a bhí diongbháilte, misniúil agus cúirtéiseach.

Is caillteanas mór atá ina bhás, i dtús báire dá chlann ach dóibh siúd go léir a d’oibrigh agus a leanann ag obair chun sochaí níos ionchuimsithí, níos comhionainne agus níos cothroime a bhaint amach.

Ina ghairmréim pholaitiúil, bhí sé ina Aire, ina Phríomh-Aoire, ina Chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre agus ina Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath.

Cuimhneoidh siad siúd go léir, a raibh sé de phribhléid acu a bheith ag obair leis, ar Mervyn Taylor mar sheirbhíseach poiblí céimiúil a rinne fónamh don phobal le díograis, mar dhuine de na teachtaí ba mhúinte, ba neamhleithlí agus ba ghnaíúla a d’fhreastail riamh ar an Dáil.

Bhí bua na foighne aige agus bhí sé an-chúramach maidir le mionsonraí. Cuimhneofar air as cuid den reachtaíocht cheannródaíoch a thug sé isteach, lena n-áirítear an tAcht um Fhoréigean Baile, bunú an Údaráis Náisiúnta Míchumais, agus ceadú reifreann an cholscartha.

Aireoimidne, a raibh sé de phribhléid againn aithne a bheith air agus caidreamh a bheith againn leis mar chara agus mar chomhghleacaí, go mór uainn é. Tugaim chun cuimhne le gean cuid mhaith de na comhráite a bhí agam leis.

Déanaimse agus Saidhbhín comhbhrón ó chroí lena bhean Marilyn, lena chlann agus a lena gharchlann, lena mhuintir agus leis an bPobal Giúdach agus leo sin go léir a bhfuil cuimhní acu ar Mervyn, agus a gcuirfidh a bhás isteach go mór orthu.

Suaimhneas síoraí dá anam dílis, sámhach, misniúil.