Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Mark Sheehan
Dáta: hAo 14th Aib, 2023 | 22:21
"Bainfear stangadh astu siúd go léir a raibh aithne acu ar Mark Sheehan agus ar na milliúin eile a bhain taitneamh as a cheol agus a raibh meas acu air ar chloisteáil dóibh gur bhásaigh sé roimh am.
Ba theist ar úrnuacht agus scoth an cheoil a bhí á lorg ag Mark agus a chomrádaithe ceoil as The Script go raibh rath orthu ar fud an domhain, lena sé albam uimhir a haon sa RA agus albam amháin uimhir a trí i Stáit Aontaithe Mheiriceá - éacht dochreidte amach is amach.
B'onóir mhór agus ba phribhléid a bhí ann nuair a bhí an deis agam cuireadh a thabhairt do Mark and The Script chuig Áras an Uachtaráin in 2013 chun seinm mar chuid de mo thionscnamh Glaoch - Glao an Uachtaráin, a rinne ceiliúradh ar chruthaitheacht na hÉireann agus a lucht éisteachta agus a thionchar ar fud na cruinne.
Trína gcuid ceoil, bhí ról lárnach ag Mark and the Script i leanúint agus i gcur chun cinn an traidisiúin bhródúil sin i rath cheol na hÉireann ar fud an domhain.
Cé go n-aireoidh an iliomad daoine uathu Mark, is iad a chlann is mó a bheidh thíos lena bhás. Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh le bean Mark, Rina, lena chlann Cameron, Avery agus Lil, agus lena chomrádaithe in The Script agus lena mhuintir agus lena chairde."