Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán O hUigínn ar bhás Maurice Hayes:

Dáta: Dom 24th Nol, 2017 | 09:55

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Maurice Hayes.

Mar chuid den ionchur suntasach a rinne sé thar réimse leathan don saol poiblí in Éirinn ar feadh tréimhse fhada, bhí sé ina chathaoirleach ar an bhFóram Náisiúnta maidir leis an Eoraip, agus fuair sé moladh, ó dhaoine a raibh dearcthaí polaitiúla éagsúla acu, as a chur chuige.

Thug sé leis tiomantas láidir don fhís a bhí aige den tsochaí iolraíoch agus chuimsitheach ina chuid oibre i Seanad Éireann agus mar Ombudsman i dTuaisceart Éireann.    

Bhí an-suim aige sna hÉireannaigh thar lear chomh maith leis an bpobal sa bhaile, agus bhí sé ina chathaoirleach céimiúil de Chistí na hÉireann, ina thacadóir dílis do chúrsaí spóirt agus don Ghaeilge, agus bhí sé ina chomhalta de bhord stiúrthóirí Independent News & Media.

Ar son mhuintir na hÉireann cuirim mo chomhbhrón ó chroí chuig a chlann agus a chairde.”