Ráiteas an Uachtaráin Uí Uigínn ar bhás Emma Hannigan
Dáta: Lua 5th Már, 2018 | 09:04
“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Emma Hannigan – feachtasóir go dtí an deireadh.
Eiseamláir atá ina saothar liteartha, a bhfuil an-tóir air, agus ina crógacht agus í ag déileáil lena tinneas doleigheasta, agus iad fágtha mar oidhreacht bhuan ag Emma Hannigan.
Cuimhneofar uirthi mar thacadóir láidir do Breast Cancer Ireland, cúis an-mhaith a bhfuil ár dtacaíocht tuillte aige.
Ar mo shon féin, agus ar son Shaidhbhín, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá fear céile Cian, dá mac Sacha agus dá hiníon Kim, agus dá ciorcal leathan cairde agus clainne.”