Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas do na Meáin ón Uachtarán Ó hUigínn tar éis cruinniú de Ghrúpa Arraiolos Uachtaráin an AE

Dáta: Céa 15th Meá, 2021 | 17:27

A Chairde,

Ba mhaith liom i dtús báire buíochas a ghlacadh lenár n-óstach, Sergio Mattarella, Uachtarán na hIodáile, as cruinniú an lae inniu a óstáil chun plé tábhachtach a dhéanamh ar thopaicí.

Is cruinniú Uachtarán neamhfheidhmiúcháin atá sa Ghrúpa Arraiolos bliantúil seo, a bhunaigh an tIar-Uachtarán Jorge Sampaio. Inniu, inár gcruinniú anseo sa Róimh, tá sé d'onóir againn a bheith ábalta tógáil ar a oidhreacht agus a fhís.

B'onóir a bhí ann páirt a ghlacadh sna comhráite sin, ag tráth a bhfuil ní hamháin dúshláin mhóra romhainn ach géarchéimeanna idirghníomhacha chomh maith.

Phléigh cruinniú na bliana seo den fhóram, i measc ábhair eile, roghanna do thodhchaí an AE i ndomhan iarphaindéime. 

Bhíomar ábalta trácht ar raon leathan ceisteanna tábhachtacha agus de réir mar atáimid ag dul i ngleic leis an bpaindéim ní mór dúinn ceachtanna a fhoghlaim maidir le maireachtáil le hanailís agus le freagra easnamhacha ar an ngéarchéim airgeadais, agus a chinntiú go ndéanaimid caidreamh leis an ngnáthdhuine Eorpach agus sinn ag iarraidh ceangal práinneach a dhéanamh idir an éiceolaíocht, an eacnamaíocht, an eitic agus an chóir. 

Tá súil agamsa, maidir leis an bpleanáil do na blianta amach romhainn go gcuimseofar machnamh ar na tuairimí a nglactar leo, tuairimí arbh iad ba chúis le hoidhreacht reatha na mífhreagrachta éiceolaíochta, agus leis an deifir atá orainn inár n-aistear i dtreo an gheilleagair gan mhoráltacht agus na hidé-eolaíochta a bhaineann leis.  

Tá i bhfad níos mó ná limistéar comhoibrithe i gcúrsaí eacnamaíochta a bhaineann le gual agus cruach, agus socruithe teicnealathacha i mianta ghnáthshaoránaigh na hEorpa; fís na hEorpa a léirítear chomh maith sin i spiorad Fhorógra Ventotene. 

Tá fís na hEorpa fós á lorg ag pobal na hEorpa, fís a sháraíonn teorainneacha agus línte deighilte; an Eoraip a dhéanann ceiliúradh ar an éagsúlacht, a chothaíonn caidreamh ómósach agus inbhuanaithe lenár gcomhshaol nádúrtha, agus leagan den gheilleagar a gheallann an inbhuanaitheacht.  

Ní mór dúinn, agus sinn ag baint leasa as neart an réasúin i dtraidisiún na hEorpa, freagra a thabhairt, freisin, i dteanga an chroí, agus luachanna amhail an cúram, an dlúthpháirtíocht, an chomhbhá agus an cineáltas a chur san áireamh

Ina measc sin go léir, beidh Cearta an Duine an-tábhachtach. Mar Uachtarán na hÉireann, tá an-áthas orm go bhfuil béim á cur againne, in Uachtaránacht na Comhairle Slándála sna Náisiúin Aontaithe, ar an tábhacht a bhaineann lena bheith soiléir faoi chearta na mban agus na gcailíní sna cúinsí nua san Afganastáin.

Agus, ar ndóigh, thugamar aghaidh ar ár dteipeanna sna comhráite tráthnóna. Ár dteipeanna maidir le haistriú vacsaínithe, go háirithe mar a bhaineann sé leis an Afraic, ár gcomharsa.

Loiceamar ar an Afraic. Agus caithfimid glacadh, chomh maith, leis an ngá leis an teicneolaíocht a roinnt, le haistriú acmhainne chun cosaint in aghaidh paindéimí agus leis an ngá leis an eolaíocht agus an teicneolaíocht a aistriú ar shlí a chuirfidh ar chumas ár gcomharsan an inbhuanaitheacht a bhaint amach.

Creidim go raibh toradh an-maith ar ár gcomhráite anseo inniu agus bhí an-áthas orm faoin dioscúrsa dearfach. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn, agus tá cuid mhaith réimsí ann ina bhfuil ár gcuspóirí roinnte.

Agus bhí an deis againn teagmháil a dhéanamh leis an tuiscint atá ar an domhan gur féidir rudaí a dhéanamh ar bhealach iomlán éagsúil.

Grazie.