Cháin an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn na hionsaithe i mBeirlín, i Zürich agus in Ankara inniu
Dáta: Mái 20th Nol, 2016 | 12:09
“Is chun an eagla a chur i gcroílár ár sochaithe, ach an oiread le hionsaithe roimhe seo, a cuireadh na heachtraí a tharla le 48 uair an chloig anuas i bhfeidhm, ina measc marú saoránach ar mhargadh na Nollag i mBeirlín, ionsaí ar ionad paidreoireachta i Zürich agus marú ambasadóir na Rúise ag imeacht poiblí in Ankara.
Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl do mhuintir na n-íospartach sna gníomhartha sin agus dlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann leo siúd go léir atá ag fulaingt de bharr an fhoréigin a léiriú. Guím neart agus misneach orthu siúd agus a bpobail a tháinig slán in am seo an ghátair.
Inniu, Lá Idirnáisiúnta na Dlúthpháirtíochta Daonna, déanaimis iarracht níos mó chun ár n-aontacht san éagsúlacht a cheiliúradh agus a chosaint ionas gur féidir linn saol níos fearr a thógáil le chéile sa todhchaí.
Ní mór dúinn ár ndiongbháil a neartú agus gan ligean d’ionsaithe mar sin an bonn a bhaint don tslí mhaireachtála inár bpobal domhanda agus sinn ag iarraidh maireachtáil go síochánta ar bhealaí éagsúla.”