Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn le Cuairt Oifigiúil a thabhairt ar an Ostair

Dáta: hAo 1st Aib, 2022 | 10:20

Fógraítear sonraí Chuairt Oifigiúil an Uachtaráin Uí Uigínn ar an Ostair, a chéad chuairt chun na hOstaire mar Cheann Stáit. Beidh an tAire Gnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne, T. D. i dteannta an Uachtaráin agus Shaidhbhín Uí Uigínn freisin. 

Tháinig cuireadh na Cuairte Oifigiúla seo ón Uachtarán Cónaidhmeach Alexander Van der Bellen, a chuirfidh fáilte fhoirmiúil roimh an Uachtarán Ó hUigínn agus a thoscaireacht ar an 6 Aibreán i Vín. Tiocfaidh cuairt an Uachtaráin Uí Uigínn sna sála ar Chuairt Oifigiúil iar-Uachtarán na hOstaire, an Dr Heinz Fisher, ar Éirinn in 2014. 

Beidh cruinnithe ag an Uachtarán Ó hUigínn le ceannairí ag leibhéal cónaidhmeach agus cathrach, agus glacfaidh sé páirt in imeachtaí éagsúla, eochairaitheasc ina measc, “The Future of Europe - the Role of Culture”/”Todhchaí na hEorpa - Ról an Chultúir” ag Ollscoil Vín. 

Cuirfear tús leis na coinní oifigiúla Dé Céadaoin, 6 Aibreán ag Pálás Hofburg, áras oifigiúil Uachtarán Cónaidhme na hOstaire. Cuirfidh an tUachtarán Cónaidhme Van de Belen agus Frau Schmidauer fáilte roimh an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn. Beidh Searmanas Fáiltithe agus Onóracha Míleata oifigiúil ann, mar aon le cruinniú déthaobhach idir an tUachtarán Ó hUigínn agus an tUachtarán Cónaidhme Van der Bellen. 

Le linn a gcruinnithe, pléifidh an bheirt Uachtarán an t-ionradh agus an ghéarchéim dhaonnúil san Úcráin agus na himpleachtaí ar thodhchaí na hEorpa, an t-iltaobhachas, an neodrachas, méadú an AE mar aon le bagairt leanúnach an athraithe aeráide agus tábhacht na rochtana domhanda ar vacsaíní COVID-19. 

Mar chuid den chlár déthaobhach, buailfidh an tUachtarán Ó hUigínn le hionadaithe poiblí sinsearacha Ostaracha, ina measc; Uachtarán an Chomhairle Náisiúnta, Wolfgang Sobotka; Leas-Seansailéir, Werner Kogler; agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Alexander Schallenberg.

Buailfidh an tUachtarán freisin le hArd-Rúnaí Eagraíocht na Náisiún Aontaithe um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), Helga Schmid. 

Tabharfaidh an tUachtarán eochairaitheasc Déardaoin 7 Aibreán, ag Ollscoil Vín ‘Todhchaí na hEorpa - Ról an Chultúir’/’The Future of Europe – the Role of Culture’, a dhíreoidh ar an gcaidreamh stairiúil agus comhaimseartha idir an dá thír, agus an tábhacht lárnach atá ag an gcultúr nuair a théitear i ngleic le dúshláin thodhchaí na hEorpa. Tá Lárionad Léinn Éireannaigh Vín lonnaithe san Ollscoil freisin. 

Tar éis aitheasc an Uachtaráin, rachaidh sé leis an Leas-Ard Mhéara Vín, Kathrin Gaál, go dtí Cathair Biotope, an chéad cheantar atá seasmhach ó thaobh na haeráide ar domhan. Beidh an chuairt seo ina buaicphointe den chomhoibriú leanúnach maidir leis an maireachtáil inbhuanaithe idir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Cathrach Vín. 

Beidh an choinne dheireanach ar siúl in Ambasáid na hÉireann i Vín, áit a mbeidh an tUachtarán ina aoi oinigh ag fáiltiú don phobal Éireannach, faoi scáth Ambasadóir na hÉireann chun na hOstaire, Eoin O’Leary. Tá timpeall 2,000 duine mar bhall den phobal Éireannach san Ostair faoi láthair, le líon áirithe díobh ag obair in institiúidí iltaobhacha i Vín. 

Beidh taibhiú cultúrtha ón veidhleadóir agus cumadóir cumasach Éireannach Karen Murray ann freisin. Is virtuoso í ar an léiriú tipiciúil Víneach, mar aon le traidisiún ceol clasaiceach agus Éireannach.