Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Molann an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn do cheannairí domhanda freagairt do ghairm chun gnímh Ard-Rúnaí na NA António Guterres

Dáta: Sat 18th Iúi, 2020 | 19:17

Ráiteas ó Mhicheál D. Ó hUigínn, Uachtarán na hÉireann

Ag freagairt do Léacht Bhliantúil Mandela a thug an tArd-Rúnaí António Guterres inniu, dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn:

“Taispeántar i Léacht Mandela, a thug Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres inniu, drochléiriú uafásach ar na sáruithe is tromchúisí muiníne ag cuid de na náisiúin is cumhachtaí ar domhan, agus ag an am céanna plean soiléir maidir leis an méid is gá tabhairt faoi má táimid chun dul chun cinn a fheiceáil ar na rudaí seo a leanas:

-          laghdú na neamhionannas creimneacha;

-          cur i gcoinne comhleanúnach an chiníochais athnuaite nár sheachain oidhreacht an choilíneachais;

-          trádáil idirnáisiúnta míchothrom nach léiríonn mórán níos mó ná coilíneachas nua;

-          an gá práinneach le hathchóiriú Institiúidí Bretton Woods, cosúil leis an IMF agus an Banc Domhanda.

“Labhair an Dr Guterres, sa ráiteas is dírí ó Ard-Rúnaí le blianta beaga, faoin gcaoi ar nochtaigh COVID-19 ní hamháin na rudaí ar thugamar neamhaird orthu ach na rudaí a ndearnamar iarracht a chur i bhfolach i dtéarmaí bochtaineacht, ocras agus díghrádú comhshaoil domhanda dosheachanta.

“Tá an rogha soiléir – greim a fháil ar dheis nua don dlúthpháirtíocht dhomhanda nó chun iarracht a dhéanamh dul i bhfolach i mothair na teipe córasaí atá ag teipeadh ar formhór mór mhuintir an domhain agus a thug ár bpláinéad chuig tubaiste éiceolaíoch.

“Anois an t-am do cheannairí uile an domhain teacht amach agus freagairt do ghairm Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.”