Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Seolann an tUachtarán Ó hUigínn teachtaireacht chuig an Ardeaspag Martin agus an Ardeaspag Farrell

Dáta: Sat 30th Ean, 2021 | 11:55

Sheol an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn teachtaireacht dea-mhéine go dtí an tArdeaspag Diarmuid Martin, ag guí gach rath air agus é ag imeacht ar scor, agus é ag tabhairt ómóis dó as dul i ngleic le hiliomad dúshlán le misneach, dúthracht agus trua.

“Tugaim mo bheannachtaí don Ardeaspag Diarmuid Martin do thréimhse scoir lán de shláinte mhaith agus sásamh. Beidh cuimhne agam féin agus ag Saidhbhín go deo ar an bhfáilte chroíúil a chuireadh sé romhainn i gcónaí.

“Thug an tArdeaspag Martin aghaidh ar léir mhór dúshlán sa rialtas agus in athruithe riachtanacha. Cuimhneofar go ceanúil agus go buíoch ar an gcur chuige díreach a bhí aige agus é ag roinnt na ndúshlán seo leis an bpobal, mar aon leis an bhfreagairt phearsanta a thugadh sé le misneach, dúthracht agus trua. Seolaim gach dea-ghuí dá chomharba an tArdeaspag Dermot Farrell don am atá i láthair agus don todhchaí, agus é ag tabhairt faoi dhúshláin mhóra”.