Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Seolann an tUachtarán Ó hUigínn an chéad chéim eile i gClár Bithéagsúlachta Áras an Uachtaráin

Dáta: Lua 31st Bea, 2021 | 15:02

Sheol an tUachtarán Ó hUigínn comhpháirtíocht nua idir Mainistir na Coille Móire agus Áras an Uachtaráin inniu, a bhfuil sé mar aidhm aige bainistiú inbhuanaithe na dtailte thart timpeall ar theach cónaithe an Uachtaráin a fheabhsú. 

Faoin socrú atá déanta, caithfidh dhá chapaillín Chonamara, ar le Mainistir na Coille Móire i gConamara iad,  4 mhí in aghaidh na bliana i dtailte an Árais, mar chuid de chlár oibre chun bithéagsúlacht na láithreach 130 acra a fheabhsú. 

Is iad an chéad dá chapaillín a shroich Áras an Uachtaráin Gray Lass (a dtugtar "Snowy" go ceanúil air) agus a bromach.

Thug lucht na Mainistreach cuireadh don Uachtarán an searrach a ainmniú, agus thug an tUachtarán "Aimhirgin" air, as Aimhirgin Gluingheal mac Mileadh, file agus gaiscíoch Chlann Mhíle i miotaseolaíocht na hÉireann a ndeirtear faoi gur chloígh sé Tuatha Dé Danann. 

D'éirigh an socrú sin ó mholtaí in iniúchadh bithéagsúlachta le gairid, a choimisiúnaigh an OOP ar iarratas ón Uachtarán Ó hUigínn, chun plean caomhnaithe a fhorbairt i gcomhair thailte Áras an Uachtaráin.

Rinneadh sraith moltaí san Iniúchadh Bithéagsúlachta a rinne eolaithe ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath maidir le bainistiú inbhuanaithe thailte an Árais amach anseo.

Ar cheann dá phríomh-mholtaí bhí córas innilte inbhuanaithe a chur i bhfeidhm chun cuidiú le feabhsú bhithéagsúlacht na móinéar i dtailte an Árais.  Tá sé mar aidhm aige éagsúlacht níos mó bláthanna agus plandaí fiáine a chur chun cinn, chomh maith le méadú san fhána a bhíonn ag brath ar éagsúlacht flóra dá leithéid.

Rangaítear 80% de na tailte 130 acra thart timpeall ar an Áras mar 'ghnáthóg nádúrtha', agus 14 ghnáthóg ar leith ann. Fuarthas 297 speiceas éagsúla planda, 247 speiceas inveirteabraigh, 188 cineál fungais, 51 speiceas éin agus 18 speiceas éagsúla mamaigh, ó shionnaigh agus bhroic go hialtóga agus dallóga fraoigh san iniúchadh.

Rinne an t-iniúchadh amach, freisin, cé go bhfuil tuiscint ar riachtanais na bithéagsúlachta ag lucht bainistithe reatha na talún, go mbeadh tairbhe ag baint le cáilíocht na bhféarach leathnádúrtha a fheabhsú. Tá sé molta go gcuideoidh innilt ar dhéine íseal ag capaill agus ba, in éineacht le bearta chun an t-ualach cothaitheach san ithir a laghdú, le cruthú na gcúinsí chun éagsúlacht plandaí níos fearr a bhunú.

Tá an chomhpháirtíocht á tógáil, freisin, ar shocrú níos luaithe a rinneadh leis an Uachtarán Childers a bhronn tréad capaillíní Chonamara ar an Stát in 1974. Shíolraigh an tréad  capaillíní reatha atá i bPáirc Náisiúnta Chonamara go díreach uathu sin a bhronn an tUachtarán Childers, a raibh roinnt díobh ag innilt ar féarach i dtailte Áras an Uachtaráin beagnach 50 bliain ó shin.