Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán comhghairdeas le hUachtarán Marcelo Rebelo de Sousa na Portaingéile

Dáta: Lua 25th Ean, 2021 | 17:06

Sheol an tUachtarán Ó hUigínn a chomhghairdeas chuig Marcelo Rebelo de Sousa as é a bheith atofa mar Uachtarán Phoblacht na Portaingéile.

Scríobh an tUachtarán:

"Mar Uachtarán na hÉireann, is cúis mhór áthais dom mo chomhghairdeas ó chroí a chur in iúl duit as d'atoghadh mar Uachtarán Phoblacht na Portaingéile.

Tá muintir na Portaingéile tar éis a muinín a chur ionat ag tráth a bhfuil dúshláin mhóra romhainn, iad sin atá ag éirí as scaipeadh agus tionchar phaindéim Covid-19 go háirithe. Tá na teaghlaigh sin ar cailleadh daoine muinteartha leo de bharr an víris i mo chuid smaointe, chomh maith leo siúd go léir atá ag soláthar na seirbhísí riachtanacha ríthábhactacha sin a chinntíonn gur féidir le do thír leanúint ag feidhmiú.

Déanaim comhghairdeas leat as an údarás atá tugtha ag muintir na Portaingéile duit, agus cuirim mo bheannacht chugat i gcomhair na mblianta atá amach romhainn.

Táim ag súil le bheith ag obair leat, inár bpobal roinnte de náisiúin na hEorpa."