Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuairt Stáit ó Uachtarán Phoblacht Mhálta fógartha ag Áras an Uachtaráin

Dáta: Lua 27th Fea, 2023 | 12:10

D’fhógair Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, inniu go mbeidh fáilte á chur aige roimh Uachtarán Mhálta, A Sh, An Dr. George Vella agus a bhean chéile Miriam Vella ar Chuairt Stáit go hÉirinn an tseachtain seo, ag tosú Dé Céadaoin 1 Márta agus ag leanúint go dtí Dé hAoine 3 Márta. 
 
Tagann Cuairt Stáit ón Uachtarán Vella tar éis Chuairt Stáit an Uachtaráin Uí Uigínn ar Mhálta i mí Bealtaine 2022, agus é mar sprioc na gcuairteanna le naisc stairiúla, chultúrtha, oideachais agus taidhleoireachta idir an dá thír a neartú. 
 
Cuirfear tús leis an gCuairt Stáit le searmanas fáiltithe ag Áras an Uachtarán Dé Céadaoin, 1 Márta, agus beidh cruinniú déthaobhach ann idir an bheirt Cheann Stáit ina dhiaidh. Óstálfaidh an tUachtarán agus Bean Uí hUigínn Dinnéar Stáit an oíche sin in onóir an Uachtaráin Vella agus Bhean Vella. 
Rachaidh an tUachtarán agus Bean Uí hUigínn in éineacht leis an Uachtarán agus Bean Vella go himeachtaí i Halla na Cathrach, Corcaigh agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh Déardaoin.