Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht ón Uachtarán O hUigínn i gcomhair Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht

Dáta: Céa 10th Fea, 2021 | 12:00

Rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht de chuid na Náisiún Aontaithe ar an 11 Feabhra a chomóradh.

Ina theachtaireacht, dúirt an tUachtarán go gcuireann an Lá Idirnáisiúnta ócáid chuí ar fáil chun

"cion na mban i réimse na heolaíochta a cheiliúradh, aitheantas a thabhairt don tábhacht atá leis an ionchur sin, agus aird a tharraingt ar an ngá leanúnach atá ann gníomhú lena chinntiú go gcloistear glórtha na mban agus na gcailíní níos forleithne agus ar gach leibhéal i ndomhan na heolaíochta."

Agus trácht á dhéanamh ag an tUachtarán ar an mbearna inscne shuntasach atá fós ann, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta sna blianta beaga atá caite, tarraingíonn / tharraing sé aird ar roinnt ceisteanna a bhfuil tionchar acu ar rannpháirtíocht na mban san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, nach mór dul i ngleic leo go práinneach.

Ina theachtaireacht labhair an tUachtarán Ó hUigínn le "gach cailín óg a bhfuil ceist á cur aici faoina bhfuil in ndán di i saol na heolaíochta sa todhchaí,

"trí aird a tharraingt ar an iliomad eiseamláirí dearfacha i measc na mban agus trí insint do na heolaithe mná uaillmhianacha gur cheart dóibh "bhur n-eolas agus bhur scileanna a iompar le bród".

Ar feadh a théarma in oifig, tá aird tarraingthe ag an Uachtarán Ó hUigínn ar an mbearna inscne in earnáil na heolaíochta agus na teicneolaíochta, agus é á rá aige gur cheart don sochaí tuilleadh a dhéanamh chun tairbhe a bhaint as cruthaitheacht agus nuálaíocht gach mná agus cailín, trí infheistiú in oideachas agus taighde cuimsitheach.  

Chomh maith leis sin, tá an cás á dhéanamh go leanúnach ag an Uachtarán gur cheart tairbhe an taighde agus na bhfionnachtana eolaíochta a roinnt go cothrom agus a chur ar fáil do na náisiúin bhochta - pointe a d'athdhearbhaigh an tUachtarán ar feadh na paindéime Covid-19, mar a bhfuil rochtain ar vacsaíní roinnte go han-mhíchothrom go dáta i measc tíortha.