Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht ón Uachtarán don Tionscnamh ‘Ireland Reads’

Dáta: hAo 5th Fea, 2021 | 09:15

D’fhoilsigh an tUachtarán Ó hUigínn teachtaireacht tacaíochta don fheachtas “Ireland Reads”.

Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas seo, a bhailíonn leabharlanna Éireannacha le chéile le foilsitheoirí, díoltóirí leabhar, scríbhneoirí agus eile, daoine a spreagadh le lúcháir na léitheoireachta a athaimsiú.  

Ina theachtaireacht, luaigh an tUachtarán “an ról lárnach a bhain, agus a bhaineann go fóill, le leabhair i mo shaol féin. Is dílis an cara é an leabhar”. 

Cé nach bhfuil leabharlanna ar oscailt faoi láthair don iasacht de bharr shrianta shláinte phoiblí Covid19, is féidir le baill teacht ar sheirbhís a leabharlainne ar líne agus rochtain a fháil ar na mílte ríomhleabhar agus closleabhar.

“Ní féidir a shéanadh gurb é grá don léitheoireacht agus do litríocht mhaith ar cheann de na bronntanais is fearr ar féidir linn a thairiscint dár bpáistí”.