Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Teachtaireacht speisialta ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn do dhaltaí bunscoile iniata.

Dáta: Mái 22nd Mei, 2021 | 19:26

Is mian liom gach beannacht a ghuí oraibh, a dhaltaí bunscoile, agus sibh ag teacht chun deireadh na bliana scoile agus ag tabhairt aghaidh anois ar na laethanta saoire fhada atá romhaibh.

Ar bealaí, ba dheacair agus ait an bhliain a bhí ann díobh go léir. Ar scoil bhí oraibh cloí le rialacha agus srianta chun bhur gcuid comhdhaltaí, múinteoirí agus teaghlaigh a choinneáil shlán. Sa bhaile freisin, bhí oraibh modhanna nua a úsáid chun teagmháil a dhéanamh le cairde, agus dóigheanna nua a ghlacadh chun sult a bhaint as caithimh aimsire. Bhí ról tábhachtach agaibh chun bac, a oiread agus is féidir, a chur ar leathadh Covid-19.

Tar éis na saoire Nollag, iarradh oraibh arís bhur gcuid foghlaim a dhéanamh sa bhaile ar feadh tamaill, agus iarradh oraibh a bhí ábalta bhur gcuid oibre a dhéanamh ar líne le múinteoirí agus comhdhaltaí, go dtí go raibh sé sábháilte filleadh ar na scoileanna.

Freisin, ní raibh sibh in ann roinnt d’imeachtaí taitneamhach na bliana scoile a bheith agaibh, ina measc searmanais reiligiúnacha cosúil leis an Chéad Chomaoineach agus Cóineartú, drámaí agus ceolchoirmeacha na Nollag, laethanta spóirt agus turais.

Ba mhaith liom a rá, mar Uachtarán na hÉireann, cé chomh tógtha atá mé leis an gcaoi ghealgháireach agus stuama a ghlac sibh leis na híobairtí a iarradh oraibh le linn na tréimhse dúshlánaí seo. Is féidir le bhur múinteoirí agus tuismitheoirí a bheith an-bhródúil asaibh agus ba cheart díobh a bheith mórálach asaibh féin, chuir sibh sláinte agus sábháilteacht daoine eile thar bhur mianta féin.

Cé gur bliain dheacair a bhí ann, tá súil agam gur fhoghlaim sibh an tábhacht a bhaineann le daoine ag obair as lámha a chéile, agus cúram a dhéanamh de chairde, de mhuintireacha agus de gach duine de na pobail thart timpeall orainn. Is ceacht tábhachtach é sin, agus tá súil agam go bhfanfaidh sé libh go deo.

Agus bliain na scoile ag teacht chun deireadh, geallaim díobh nach ndéanfaidh muidne, na daoine fásta, dearmad ar ghníomhartha gnaíúil na daoine óga, a d’athraigh a iompar ar leasa daoine eile. Táimid faoi chomaoin agaibh, agus táimid bródúil asaibh ar fad.

Tá cuid agaibh tagtha chun deireadh bhur n-aistear bunscoile, agus, gan dabht tá sibh ag tnúth go mór le tús na meánscoile i Meán Fómhair. Ba mhaith liom gach rath a ghuí oraibh agus sibh ag cur tús le ré nua in bhur shaolta.

Agus sibhse a mbeidh ag filleadh ar an mbunscoil san fhómhar, tá dóchas agam go mbeidh sibh in ann na gníomhaíochtaí sin a chuireann le saol scoile a thosú arís.

Ba mhian liom buíochas ó chroí a ghabháil libh go léir, agus gach dea-ghuí a chur chugaibh, tá súil agam go mbeidh saoire shona agus taitneamhach agaibh. Bain gach sult as laethanta fada an tsamhraidh le do mhuintir agus do chairde.