Fiosraigh & Tabhair Cuairt

Fiosraigh & Tabhair Cuairt

An Teach

Bhí stair bhríomhar ag Áras an Uachtaráin sula ndearnadh Áit Chónaithe Oifigiúil Uachtarán na hÉireann de. Is é an Maor Páirce Nathaniel Clements a thóg an teach bunaidh in 1751 agus tá sé suite san 1,752 acra de Pháirc an Fhionnuisce gar do Bhaile Átha Cliath. Faoin mbliain 1782 bhí seilbh faighte air le húsáid ag Fir Ionaid an Rí a rinne maoirsiú ar riail na Breataine in Éirinn. Fuair Clements £25,000 ar an teach.

Seilbh

Bhí an teach fós ina áit chónaithe oifigiúil ag Fir Ionaid an Rí go dtí 1922. Ar feadh chuid mhaith de thréimhse an Rialtais Dúchais a lean, b’ áit chónaithe Sheanascail Shaorstát Éireann, ionadaithe na Corónach le linn na dispeansáide nua, a bhí ann. In 1938 rinneadh Áit Chónaithe Oifigiúil Uachtarán na hÉireann de agus tá sé á úsáid lena aghaidh sin ó shin. 

Forbairtí sa Teach

Rinneadh roinnt mhaith feabhsuithe sa teach agus cuireadh píosaí breise leis thar na blianta, agus orthu siúd ba shuntasaí bhí:

  • Bunú na ngairdíní foirmiúla ag Decimus Burton sna 1840idí
  • An Sciathán Thoir curtha leis in 1849 i gcomhair chuairt stáit na Banríona Victoria
  • Soláthar príomhlíonra gáis Bhaile Átha Cliath in 1852 agus leictreachais in 1908
  • Síneadh curtha leis an Sciathán Thiar i gcomhair chuairt stáit George V in 1911

An Lá Inniu

Is é Áras an Uachtaráin áit chónaithe oifigiúil Uachtarán na hÉireann anois. Bíonn an teach oscailte don phobal gach Dé Sathairn, agus gach bliain tugann na mílte duine cuairt ar an teach mar aíonna oifigiúla  ag an iliomad imeachtaí stáit agus oifigiúla arna n-óstáil ag an Uachtarán. Féadfaidh suas le 22,000 cuairt a thabhairt Áras an Uachtaráin in aon bhliain ar leith.