Eolas

Eolas

Ráiteas Príobháide

Ráiteas Príobháide

Tagraíonn an ráiteas seo dár gcleachtais phríobháide maidir leis an suiomh gréasáin seo. Nílimid freagrach as inneachar ná as cleachtais phríobháide suíomhanna eile. Tá aon nasc seachtrach chuig suíomhanna gréasáin eile inaitheanta go soiléir dá réir. Mínítear téarmaí teicniúla áirithe a úsáidtear sa ráiteas seo ag deireadh an leathanaigh seo.

Úsáid Google Analytics

Baineann an suíomh gréasáin seo leas as Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin atá á soláthar ag Google Inc. ("Google"). Baineann Google Analytics úsáid as fianáin, ar téacschomhaid iad a shuitear ar do ríomhaire, chun cuidiú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar an gcaoi a mbaineann úsáideoirí leas as an suíomh. Déanfar an fhaisnéis a ghineann an fianán faoi d'úsáid den suíomh gréasáin (do sheoladh IP san áireamh) a sheoladh chuig Google agus a stóráil ag Google ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Bainfidh Google úsáid as an bhfaisnéis sin chun d'úsáid den suíomh gréasáin a mheas, tuarascálacha a chur i dtoll a chéile ar ghníomhaíocht an tsuímh ghréasáin le haghaidh oibreoirí suíomhanna gréasáin agus chun seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíocht suímh ghréasáin agus úsáid an Idirlín a sholáthar. D'fhéadfadh sé go n-aistreodh Google an fhaisnéis sin chuig tríú páirtithe sa chás go n-éilítear é sin faoin dlí, nó sa chás go ndéanann tríú páirtithe an fhaisnéis a phróiseáil thar ceann Google. Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le sonraí ar bith eile atá coinnithe ag Google. Is féidir leat úsáid fianán a dhiúltú trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair ar aire, más é do thoil é, má dhéanann tú sin go bhféadfadh sé nach mbeadh tú ábalta leas a bhaint as feidhmiúlacht iomlán an tsuímh ghréasáin seo. Trí úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo, ceadaíonn tú do Google sonraí fút féin a phróiseáil sa chaoi agus chun críche na gcuspóirí atá leagtha amach thuas.

Ráiteas Ginearálta

Géilleann Oifig an Uachtaráin go hiomlán le do cheart chun príobháide agus ní bhaileoidh aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan cead soiléir a fháil uait. Déanfar aon fhaisnéis phearsanta a thabharfaidh tú go deonach d'Oifig an Uachtaráin a láimhseáil leis na caighdeáin slándála agus rúndachta is airde, i gcomhréir dhocht leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 & 2003.

Gluais na dtéarmaí teicniúla a úsáidtear

Brabhsálaí Gréasáin: An ball bogearra a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasáin a léamh. Samplaí díobh sin is iad Microsoft Internet Explorer, Firefox, Google Chrome.

Seoladh IP: Sonraí sainaitheanta do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta Idirlín), a sloinntear i gcód "prótacail Idirlín" (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasáin, cé nach gá gurb é an seoladh céanna a bheadh ann gach uair a dhéantar ceangal.

Fianáin: Blúirí beaga faisnéise, stóráilte i dtéacschomhaid shimplí, a chuireann suíomh gréasáin ar do ríomhaire.  Is féidir leis an suíomh gréasáin fianáin a léamh le