Eolas

Eolas

Ceisteanna Coitianta

Seo iad na freagraí ar chuid de na ceisteanna is coitianta a iarrtar .
 

Freagraí ar do Cheisteanna

Seo iad na freagraí ar chuid de na ceisteanna is minice a chuirtear.

Céard is ceart a thabhairt ar an Uachtarán?

Go simplí, ‘A Uachtaráin’.

An féidir leis an Uachtarán idirghabháil a dhéanamh ar mo shon le ranna rialtais eile?

Cé go mbeadh ionbhá ag an Uachtarán le duine i gcruachás, ní ceadmhach dó idirghabháil ná uiríll a dhéanamh faoi chúrsaí a thagann faoi shainchúram an Rialtais, na gCúirteanna, na nÚdarás Áitiúil nó, go deimhin, faoi shainchúram aon institiúid Stáit, de bharr cheanglais bhunreachtúla a oifige.

An féidir leis an Uachtarán cúnamh airgid a thabhairt do dhaoine i ngátar?

Faraor, ní ceadmhach don Uachtarán cúnamh airgid a thabhairt do dhaoine i ngátar. Cuirtear an tUachtarán agus a fhoireann ar an eolas go minic faoi dhálaí deacra ina mbíonn saoránaigh ar leith. Ach, níl ach méid teoranta cistithe phoiblí ar fáil d’Oifig an Uachtaráin faoin mbuiséad náisiúnta, agus ní féidir é a úsáid ach amháin i gcomhair na gcuspóirí a fhoráiltear sa dlí agus a bhfuil baint acu le dualgais bhunreachtúla Uachtarán na hÉireann a chomhlíonadh.

An féidir leis an Uachtarán tacú le feachtais charthanais/tiomsaithe airgid?

Cé go mbeadh an tUachtarán i bhfabhar an uile iarracht dhaonchairdiúil agus go spreagfadh sé iad, is cleachtas fadbhunaithe na hOifige sin nach ceadmhach don Uachtarán baint dhíreach a bheith aige/aici le tiomsú airgid agus/nó feachtais charthanais, pé fiúntas atá sa chúis.

Cé chónaíonn in Áras an Uachtaráin?

Tá an tUachtarán agus a bhean, Sabina, ina gcónaí in Áras an Uachtaráin. Fanann an Aide-de-Camp (ADC) atá ar dualgas in Áras an Uachtaráin chomh maith.

Céard é ADC?

Bíonn Aides-de-Camp ag freastal ar an Uachtarán, arb é ardcheannasaí Óglaigh na hÉireann. Cuidíonn na Aides-de-Camp leis an Uachtarán lena dhualgais laethúla mar Uachtaráin, déanann siad an tUachtarán a thionlacan ar a choinní poiblí oifigiúla in Éirinn agus ar Chuairteanna Stáit thar lear agus déanann ionadaíocht thar ceann an Uachtaráin ar ócáidí Stáit agus ar shocraidí. Bíonn ADC ar dualgas 24 uair a chloig ar feadh na seachtaine in Áras an Uachtaráin.

Céard é lá breithe an Uachtaráin?

Is é lá breithe an Uachtarán Michael D. Higgins an 18 Aibreán.

Céard iad ainmneacha mhadraí an Uachtaráin?

Is Bród a thugtar ar mhadra sléibhe Beirneacha an Uachtaráin.

Cén chaoi ar féidir liom cuairt a thabhairt ar Áras an Uachtaráin?

Bíonn cuairteanna poiblí ar Áras an Uachtaráin ar an Satharn. Is í Oifig na nOibreacha Poiblí a fheidhmíonn turais an tSathairn. Ba cheart do chuairteoirí páirceáil in Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce. (féach an mapa).

Bíonn busanna ar fáil chun cuairteoirí a thabhairt chuig Áras an Uachtaráin. Is í an uimhir theagmhála fóin 01 6770095.

Uaireanta bíonn deiseanna ann cuairt a thabhairt ar Áras an Uachtaráin le linn na seachtaine. Eagraítear na cuairteanna sin nuair nach mbíonn na Seomraí Stáit in úsáid le haghaidh imeachtaí oifigiúla. Is féidir cuairt de ghrúpa nach mó na 50 duine a chur ar fáil. Ba cheart iarratas a dhéanamh i scríbhinn nó tríd an r-phost chuig [email protected]

Cén chaoi ar féidir liom cuireadh a thabhairt don Uachtarán chuig ócáid?

Ba cheart cuirí foirmiúla a chur faoi bhráid an Uachtarán Higgins i scríbhinn nó trí r-phost a sheoladh chuig [email protected]. Tharla go socraítear dialann an Uachtaráin roinnt míonna chun cinn, moltar an cuireadh a eisiúint ar a laghad sé mhí roimh dháta beartaithe an imeachta, más féidir.