Cuairt an Uachtaráin ar Leabharlann na Cabraí d’fhonn aitheantas a thabhairt don tabhartas – cnuasach leabhar – a bronnadh ar Sheirbhís na Leabharlann Poiblí                           

Mái 11th Fea, 2020 | 11:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Leabharlann na Cabraí

(Baile Átha Cliath) Leabharlann na Cabraí

Tuesday, 11th February, 2020

Cuairt an Uachtaráin ar Leabharlann na Cabraí d’fhonn aitheantas a thabhairt don tabhartas – cnuasach leabhar – a bronnadh ar Sheirbhís na Leabharlann Poiblí                                        

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar leabharlann phoiblí na Cabraí chun leabhair óna bhailiúchán pearsanta féin a bhronnadh ar Sheirbhís Leabharlainne Poiblí na hÉireann.

Bhronn an tUachtarán os cionn 700 leabhar ar an tSeirbhís Leabharlainne Poiblí, ag Leabharlann na Cabraí atá mar chuid de líonra náisiúnta na leabharlann poiblí, ‘Leabharlanna Éireann’.

Áiríodh i measc na leabhair a bronnadh, leabhair a cheannaigh an tUachtarán agus roinnt eile a thug a n-údair don Uachtarán Ó hUiginn mar bhronntanais.

Beidh formhór na leabhar ar fáil don phobal le tógáil ar iasacht ag leabharlanna ar fud na tíre, fad is a chuirfear roinnt de na leabhair a bhfuil inscríbhinní pearsanta orthu ar fáil mar thagairt.

I rith a ghairme, thacaigh an tUachtarán go láidir le seirbhísí poiblí agus spásanna poiblí, agus léiríonn a thacaíocht don líonra leabharlann freisin a thiomantas do sheirbhísí agus eagraíochtaí a chuireann oideachas chun cinn.