Fáiltíonn an tUachtarán roimh iar-Uachtarán na Colóime, A.Sh. Juan Manuel Santos, a ghnóthaigh Gradam Idirnáisiúnta Thiobraid Árann um Shíocháin

Déa 15th Sam, 2018 | 16:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltíonn an tUachtarán roimh iar-Uachtarán na Colóime, A.Sh. Juan Manuel Santos, a ghnóthaigh Gradam Idirnáisiúnta Thiobraid Árann um Shíocháin

Cuirfidh an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh iar-Uachtarán na Colóime, a Shoilse Juan Manuel Santos agus Íngrid Betancourt, in Áras an Uachtaráin.

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis bualadh leis an iar-Uachtarán Santos ar roinnt ócáidí, mí Aibreán na bliana seo san áireamh ag Cruinniú Ardleibhéil na Náisiún Aontaithe faoi Shíocháin a Chothú agus a Bhuanú, agus i bhFeabhra 2017 le linn Chuairt Oifigiúil an Uachtaráin ar an gColóim.

 Le linn na cuairte sin, phléigh an tUachtarán Ó hUigínn cúlra an phróisis síochána sa Cholóim leis an Uachtarán Santos, agus bhuail sé le ceannairí na gluaiseachta reibiliúnaí ba mhó sa Cholóim, an FARC, ag campa faoin tuath, áit a raibh reibiliúnaithe, fórsaí rialtais agus breathnóirí na NA ag obair i gcomhar lena chéile chun díshlógadh agus ath-imeascadh na seanreibiliúnaithe i sochaí na Colóime a éascú.

Chomh maith leis sin, bhuail an tUachtarán, a bhí ina bhall de thoscaireacht an Oireachtais go dtí an Cholóim in 2010, le heagrais thábhachtacha sa tsochaí shibhialta a bhí páirteach i bpróiseas na síochána agus a raibh baint acu le tionscnaimh thacaíochta don fhorbairt inbhuanaithe.

Thug an tUachtarán Ó hUigínn príomhaitheasc in Ollscoil Náisiúnta na Colóime (UNAL) faoin tsíocháin, an athmhuintearas agus an chuimhne eiticiúil, agus faoin ionchur sainiúil maidir le réiteach coimhlinte a tharla i bpróiseas síochána na Colóime.

Le linn a chuairte ar an gColóim, bhronn an tUachtarán Ó hUigínn Clog na hAeráide ar an Uachtarán Santos. Buaileann an clog, a rinne an t-ealaíontóir Éireannach Vivienne Roche, mar rabhadh siombalach faoi bhagairtí an athraithe aeráide.

Féach freisin:

·    Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn i ndiaidh a chruinnithe leis an Uachtarán Santos, 14 Feabhra 2017.

·    Príomhaitheasc an Uachtaráin Uí Uigínn in Bogotá, "From a Past of Conflict to a Future of Peace: The making of a peace process", 13 Feabhra 2017

·    Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi Dhuais Nobel na Síochána 2016, 7 Deireadh Fómhair 2016: