Tugtar bonn comórtha in ómós do “Rory Gallagher”, coimisiúnaithe ag an mBanc Ceannais, don Uachtarán

Lua 17th Meá, 2018 | 11:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Tugtar bonn comórtha in ómós do “Rory Gallagher”, coimisiúnaithe ag an mBanc Ceannais, don Uachtarán

D’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn imeacht chun bonn cuimhneacháin nua, in onóir an ghiotáraí cháiliúil Éireannaigh Rory Gallagher, a chomóradh.  

Bhronn Gobharnóir an Bhainc Cheannais Philip R. Lane bonn airgid Rory Gallagher ar an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, agus bronnadh bonn ar dheartháir Rory, Dónal Gallagher, agus ar dhearthóir an bhoinn Michael Guilfoyle chomh maith, ar an ócáid.  

Tá an bonn, a tháirg Banc Ceannais na hÉireann, ar an gcéad cheann de shraith de thrí cinn a thugann onóir do cheoltóirí nua-aoiseacha Éireannacha.

Níos luaithe i mbliana, thug an tUachtarán ómós do Rory Gallagher chomh maith. Féach anseo